Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD)

Is é atá i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD) ná conradh idirnáisiúnta chearta an duine atá ann chun a chinntiú go bhfuil gach duine faoi mhíchumas in ann cearta uile an duine agus na saoirsí bunúsacha uile a fheidhmiú ar bhealach cothrom iomlán agus na cearta agus na saoirsí sin a chur chun cinn agus a chosaint. Glacadh é an 13 Nollaig 2006 i gCeanncheathrú na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac, agus osclaíodh é lena shíniú an 30 Márta 2007.

Leis an gCoinbhinsiún, cuirtear prionsabail bhunaithe um chearta an duine faoi Dhearbhú Chearta an Duine ó na Náisiúin Aontaithe i bhfeidhm maidir le cás daoine faoi mhíchumas. Cumhdaítear leis cearta sibhialta agus polaitiúla amhail cóir chomhionann agus saoirse ó idirdhealú, mar aon le cearta sóisialta agus eacnamaíocha i réimsí amhail an t-oideachas, an cúram sláinte, an fhostaíocht agus an t-iompar.

Amhail mí na Nollag 2021, tá an Coinbhinsiún daingnithe ag 184 pháirtí (183 Stát agus an tAontas Eorpach). Déanann an Coiste um Chearta Daoine faoi Mhíchumas faireachán ar an gCoinbhinsiún, ar Coiste é ar ina leith atá treoirlínte á socrú ón mbliain 2008 i leith ag Comhdhálacha bliantúla na Stát is Páirtithe sa Choinbhinsiún ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas.

Shínigh Rialtas na hÉireann an Coinbhinsiún sa bhliain 2007 agus dhaingnigh sé é i mí an Mhárta 2018. Rinneadh an chéad Tuarascáil Stáit ó Éirinn faoin gCoinbhinsiún a eisiúint chuig an gCoiste um Chearta Daoine faoi Mhíchumas i mí na Samhna 2021.

Léigh tuilleadh faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas

Beartas Fiche Bliain de Mhíchumas

Bunaíodh ÚNM sa bhliain 2000. Sa bhliain 2020, chun 20 bliain ó bunaíodh sinn a cheiliúradh, d’fhoilsíomar leabhar ina rianaítear bunús ÚNM agus an dóigh a bhfuil athrú agus leathnú tagtha ar ár ról reachtúil ónár mbunú i leith.

Insítear an scéal sin i dteannta cuntas ar na príomh-gharspriocanna i bhforbairt an bheartais míchumais le fiche bliain anuas. Ina measc sin tá UNCRPD a dhaingniú, roinnt leaganacha de Straitéis Náisiúnta Míchumais a ullmhú, an Straitéis Chuimsitheach Fostaíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas a fhorbairt, agus an Clár um Shaolta a Bhunathrú a chur i bhfeidhm laistigh de shainseirbhísí míchumais.

Ba phléisiúr dúinn ár gcion féin a dhéanamh in eolas a thabhairt d’fhorbairt na straitéisí agus na gclár sin agus i bhfaireachán neamhspleách a dhéanamh ar an dul chun cinn ar a gcuid spriocanna agus cuspóirí a bhaint amach.

Léigh 'Twenty Years of Disability Policy Development in Ireland'