An Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine

Bonn leis an gcóras Eorpach um chearta an duine is ea an Coinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, dá ngairtear an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine i gcoitinne. Dhréachtaigh Comhairle na hEorpa é sa bhliain 1950 agus tá sé i bhfeidhm ón mbliain 1953 i leith. Bhí sé ar an gcéad chonradh réigiúnach riamh a raibh mar aidhm leis cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta a chosaint. Shínigh gach ceann de na 47 mBallstát de Chomhairle na hEorpa an Coinbhinsiún. Dhaingnigh Éire an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine sa bhliain 1953.

Ní shonraítear sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine aon chearta ar leith do dhaoine faoi mhíchumas, ach leagtar béim in Airteagal 1 de nach mór do stáit chonarthacha na cearta agus na saoirsí atá sainithe sa Choinbhinsiún a áirithiú do gach duine laistigh dá ndlínse.

Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

Dearbhaíodh Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh sa bhliain 2000, agus d’éirigh sí ina ceangal dlí ar an Aontas Eorpach le teacht Chonradh Liospóin in éifeacht i mí na Nollag 2009. Tugtar le chéile sa Chairt i ndoiciméad amháin atá ina cheangal dlí na saoirsí agus na cearta pearsanta is tábhachtaí a mbaineann saoránaigh an Aontais Eorpaigh leas astu, faoi shé theideal lena n-áirítear Dínit, Saoirsí, Comhionannas, Dlúthpháirtíocht, Cearta na Saoránach, agus Ceartas.

Is é ‘Daoine faoi mhíchumas a lánpháirtiú’ an teideal atá ar Airteagal 26 (Teideal 3: Comhionannas) agus sonraítear an méid seo a leanas ann: ‘Aithníonn agus urramaíonn an tAontas ceart daoine faoi mhíchumas chun tairbhiú de bhearta atá ceaptha chun neamhspleáchas na ndaoine sin, a lánpháirtiú sóisialta agus gairmiúil agus a rannpháirtíocht i saol an phobail a áirithiú.’

Straitéis an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030

I mí an Mhárta 2021, ghlac an Coimisiún Eorpach Aontas an Chomhionannais: Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030.

Tógtar leis an Straitéis ar thorthaí na Straitéise Eorpaí um Míchumas 2010-2020, agus tugtar inti aird chuí ar Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (ar dhaingnigh an tAontas Eorpach é sa bhliain 2011) agus Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe ó na Náisiúin Aontaithe araon. Cuimsítear inti roinnt tosaíochtaí, tionscnaimh shuaitheanta, agus deiseanna do na Ballstáit oibriú le chéile chun feabhas a chur ar shaol daoine faoi mhíchumas ar fud an Aontais Eorpaigh.

Straitéis Míchumais Chomhairle na hEorpa

Cuid lárnach d’obair Chomhairle na hEorpa is ea cearta daonna gach duine a chur chun cinn agus a chosaint agus seasamh leis an daonlathas agus leis an meas ar an smacht reachta. Tá feidhm maidir le gach duine, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, ag cosaint na gceart, rud a chumhdaítear agus a ráthaítear faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine. Dhréachtaigh Ballstáit Chomhairle na hEorpa Straitéis Chomhairle na hEorpa maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2017-2023 sa bhliain 2016, ag obair di i gcomhar leis an tsochaí shibhialta agus le geallsealbhóirí eile. Glacadh í an 30 Samhain 2016.

Leis an Straitéis, comhlánaítear Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas maidir le hiarraidh ar na Stáit gníomhartha a chur chun feidhme i bpríomhréimsí a chumhdaítear sa Choinbhinsiún. Áirítear leo sin comhionannas agus neamh-idirdhealú, múscailt feasachta, inrochtaineacht, aitheantas cothrom os comhair an dlí, agus saoirse ó dhúshaothrú, ó fhoréigean agus ó mhí-úsáid.