Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas

Is é atá i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD) ná conradh idirnáisiúnta chearta an duine atá ann chun a chinntiú go bhfuil gach duine faoi mhíchumas in ann cearta uile an duine agus na saoirsí bunúsacha uile a fheidhmiú ar bhealach cothrom iomlán agus na cearta agus na saoirsí sin a chur chun cinn agus a chosaint. Dhaingnigh Éire Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas i mí an Mhárta 2018 agus tá sí ag forbairt beartas agus straitéisí chun cur chun feidhme iomlán an Choinbhinsiúin a chinntiú.

An Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla

Is é atá sa Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla ná conradh iltaobhach lena gcuirtear ceangal ar Stáit is Páirtithe cearta sibhialta agus polaitiúla daoine aonair, lena n-áirítear an ceart chun na beatha, saoirse reiligiúin, saoirse cainte, saoirse tionóil, cearta toghcháin agus cearta chun próise cuí agus chun trialach córa.

Glacadh é le Rún 2200A (XXI) ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 16 Nollaig 1966 agus tháinig sé i bhfeidhm an 23 Márta 1976. Amhail mí Mheán Fómhair 2019, tá 173 pháirtí ann sa Chúnant. Dhaingnigh Éire an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla i mí na Nollag 1989.

Déanann Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine faireachán ar chomhlíonadh an Chúnaint Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla. Déanann an Coiste sin athbhreithniú ar thuarascálacha tráthrialta ó Stáit is Páirtithe ar conas atá na cearta á gcur chun feidhme.

Ní shonraítear sa Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla aon chearta áirithe do dhaoine faoi mhíchumas, ach luaitear dínit dhúchasach agus cearta comhionanna dosháraithe ‘gach duine sa teaghlach daonna’ sa Bhrollach de.

An Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha

Is é atá sa Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha ná conradh iltaobhach lena gcuirtear ceangal ar na Stáit is Páirtithe ann oibriú i dtreo cearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha a dheonú do gach duine aonair.

Áirítear leis na cearta sin cearta saothair, an ceart chun sláinte, an ceart chun oideachais, an ceart chun saol teaghlaigh, an ceart chun rannpháirtíocht sa saol cultúrtha agus an ceart chun caighdeán maireachtála leordhóthanach. Amhail mí Iúil 2020, tá 171 pháirtí ann sa Chúnant. Dhaingnigh Éire an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha i mí na Nollag 1989.

Déanann Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha faireachán ar an dóigh a bhfuil Stáit is Páirtithe ag comhlíonadh an Chúnaint.

Ní shonraítear sa Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha aon chearta áirithe do dhaoine faoi mhíchumas, ach luaitear dínit dhúchasach agus cearta comhionanna dosháraithe ‘gach duine sa teaghlach daonna’ sa Bhrollach de.

Coinbhinsiúin eile de chuid na Náisiún Aontaithe

Baineann Coinbhinsiúin eile de chuid na Náisiún Aontaithe le cearta daoine faoi mhíchumas, go háirithe ón taobh trasnach de. Áirítear na nithe seo a leanas leo sin, ach gan a bheith teoranta dóibh:

Dhaingnigh Éire gach ceann de na trí Choinbhinsiún atá leagtha amach thuas.