Reachtaíocht na hÉireann um Míchumas

An tAcht um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas), 2015

Foráiltear leis an Acht seo d’athchóiriú an dlí a bhaineann le daoine a dteastaíonn cuidiú uathu, nó a bhféadfadh go dteastódh cuidiú uathu, agus iad ag feidhmiú a gcumais cinnteoireachta, bíodh sé san am i láthair nó san am atá le teacht. Tugtar isteach leis socruithe tacaíochta cinnteoireachta, measúnú feidhmiúil ar chumas cinnteoireachta, agus déanamh Réamhthreoracha Cúram Sláinte ag daoine maidir lena dtoil agus lena roghanna pearsanta i ndáil le cinntí ar chóireáil liachta. Cuirtear deireadh leis an gcóras Coimircí Cúirte leis an Acht freisin. Níl an tAcht sin i mbun feidhme go hiomlán san am i láthair agus táthar ag forbairt reachtaíocht leasaitheach a mheastar a bheidh achtaithe faoi dheireadh na bliana 2022.

An tAcht um Fhaisnéis do Shaoránaigh 2007

I measc na bhfeidhmeanna eile a bhronntar ar an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh leis an Acht seo, cuimsítear foráil ann lena dtugtar seirbhís abhcóideachta phearsanta isteach do dhaoine áirithe faoi mhíchumas.

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 2017

Foráiltear leis an Acht seo do ghníomhartha gnéasacha le daoine cosanta, lena n-áirítear gníomhartha arna ndéanamh ar dhuine den sórt sin ag duine atá i gceannas.

An tAcht um Míchumas 2005

Foráiltear leis an Acht seo do mheasúnú ar na riachtanais sláinte agus oideachais atá ag daoine faoi mhíchumas. Foráiltear leis do shásra gearáin i gcás nach soláthraítear seirbhísí. Foráiltear leis freisin do rochtain níos fearr ar fhoirgnimh phoiblí agus ar sheirbhísí poiblí a éascú do dhaoine faoi mhíchumas, agus cuirtear oibleagáid ar an Stát leis chun an comhionannas agus an cuimsiú sóisialta a chur chun cinn.

An tAcht Oideachais (Ligean isteach i Scoileanna), 2018

Sonraítear leis an Acht seo nach mór do scoil beartas a ullmhú lena n-áireofar ráiteas á rá nach ndéanfaidh an scoil idirdhealú ar fhorais shonraithe maidir leis an scoil do ligean mac léinn isteach sa scoil.

An tAcht um Oideachas do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu, 2004

Foráiltear leis an Acht seo d’oideachas a sholáthar do dhaoine a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu chun go mbeidh acusan an ceart céanna is atá ag a bpiaraí chun leas agus tairbhe a bhaint as oideachas cuí agus chun déanamh amhlaidh i dtimpeallacht chuimsitheach.

Na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta, 1998 go 2015

Foráiltear leis na hAchtanna seo do chomhionannas a chur chun cinn idir daoine fostaithe.

Na hAchtanna um Stádas Comhionann, 2000 go 2015

Leis na hAchtanna seo, cuirtear comhionannas chun cinn agus toirmisctear cineálacha idirdhealaithe, ciapadh agus iompraíocht ghaolmhar ar fhorais ar leith agus i ndáil leis an soláthar seirbhísí, maoine agus deiseanna eile a mbíonn rochtain ag an bpobal orthu de ghnáth.

Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Inrochtaineacht Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmchlár Móibíleach de chuid Comhlachtaí san Earnáil Phoiblí), 2020

Leis na Rialacháin seo, trasuitear an Treoir ón Aontas Eorpach maidir le hInrochtaineacht Gréasáin agus cuirtear oibleagáid ar chomhlachtaí poiblí na bearta is gá a dhéanamh chun feabhas a chur ar inrochtaineacht a gcuid suíomhanna Gréasáin agus feidhmchlár móibíleach trí iad a dhéanamh inbhraite, inoibrithe, intuigthe agus láidir.

An tAcht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014

Foráiltear leis an Acht do bhunú Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas.

An tAcht um Theanga Chomharthaíochta na hÉireann, 2017

Foráiltear leis an Acht d’aithint Theanga Chomharthaíochta na hÉireann, dá húsáid in imeachtaí dlíthiúla agus d’ateangaireacht isteach i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann a bheith á soláthar ag comhlachtaí poiblí.

An tAcht Meabhair-Shláinte, 2001

Foráiltear leis an Acht do dhaoine a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte acu a ghlacadh isteach go hainneonach in ionaid cheadaithe agus d’athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar ghlacadh isteach den sórt sin. Bunaítear leis freisin an Coimisiún Meabhair-Shláinte agus ceapadh binsí meabhairshláinte.

An tAcht Meabhair-Shláinte 2008

Cuimsítear san Acht seo forálacha éagsúla maidir le horduithe athnuachana éagtha agus neamhéagtha i ndáil le glacadh isteach.

An tAcht Meabhair-Shláinte (Leasú), 2015

Leis an Acht seo, leasaítear an reachtaíocht i ndáil le gnáthaimh ainneonacha a úsáid le haghaidh cóireáil a chur ar dhaoine faoin Acht Meabhair-Shláinte, 2001.

An tAcht Meabhair-Shláinte (Leasú), 2018

Leis an Acht seo, leasaítear agus leathnaítear an tAcht Meabhair-Shláinte, 2001, agus cuirtear chun cinn na cearta atá ag daoine atá faoi réir an Achta sin.

An tAcht Meabhair-Shláinte (Orduithe Athnuachana), 2018

Leis an Acht seo, leasaítear tuilleadh an tAcht Meabhair-Shláinte, 2001, i ndáil le horduithe glactha isteach.

An tAcht um Údarás Náisiúnta Míchumais, 1999

Soláthraítear leis an Acht seo an reachtaíocht bunaithe le haghaidh an Údaráis Náisiúnta Míchumais.