Cad is na Ceanglais Inrochtaineachta Gréasáin ann?
Le Rialacháin 2020, tugtar éifeacht do “Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí”. Tugtar an Treoir maidir le hInrochtaineacht Gréasáin uirthi freisin.
Tuarascálacha Faireacháin ar an Treoir ón Aontas Eorpach maidir le hInrochtaineacht Gréasáin
Léigh faoi scóip an fhaireacháin a dhéanaimid ar shuíomhanna Gréasáin agus ar fheidhmchláir mhóibíleacha agus caith súil ar ár dtuarascálacha faireacháin.
Ráitis Inrochtaineachta
Faigh amach conas is féidir ráiteas inrochtaineachta a chur le chéile, ar ráiteas é ina dtugtar breac-chuntas ar chomhlíonadh na gcaighdeán agus ina dtugtar faisnéis mhionsonraithe agus cabhair maidir le hinrochtaineacht d’úsáideoirí.
Seimineáir an Údaráis Náisiúnta Míchumais/ICS ar an Treoir maidir le hInrochtaineacht Gréasáin
Chuamar i bpáirt le Cumann Ríomhaireachta na hÉireann chun sraith seimineár Gréasáin ar inrochtaineacht Gréasáin a fhorbairt agus a chur i láthair chun feasacht a mhúscailt agus chun cabhrú le comhlachtaí poiblí a suíomh Gréasáin agus a bhfeidhmchláir mhóibíleacha a dhéanamh níos sorochtana.
Cén Áit ar Féidir liom Tuilleadh Faisnéise a Fháil?
Tugann an Lárionad Sármhaitheasa i nDearadh Uilíoch de chuid an Údaráis Náisiúnta Míchumais an treoir seo a leanas maidir le hinrochtaineacht agus Dearadh Uilíoch suíomhanna Gréasáin agus feidhmchlár móibíleach: