Sonraí Míchumais

Ceanglaítear le hAirteagal 31 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas ar Stáit is Páirtí teacht ar na sonraí agus na staitisticí míchumais lena gcabhrófar leis an gCoinbhinsiún a chur chun feidhme agus le faireachán a dhéanamh air. Ceanglaítear leis ar Stáit bailiú agus dí-chomhiomlánú leordhóthanach sonraí a chinntiú chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil daoine faoi mhíchumas infheicthe laistigh de staitisticí ar mhaithe le ceapadh fianaisebhunaithe beartais.

Faoin Acht um Údarás Náisiúnta Míchumais (ÚNM), 1999 déanaimid tionscadail agus gníomhaíochtaí taighde a sheoladh agus a choimisiúnú ar shaincheisteanna a bhaineann le míchumas agus glacaimid páirt iontu agus cabhraímid le forbairt a dhéanamh ar fhaisnéis staitistiúil is cuí maidir le cláir agus seirbhísí a phleanáil agus a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas agus maidir le faireachán a dhéanamh ar na cláir agus na seirbhísí sin.

Úsáidimid roinnt foinsí sonraí inár gcuid oibre, lena n-áirítear sonraí daonáirimh agus sonraí eile ó shuirbhéanna náisiúnta teaghlaigh. Tá naisc chuig na príomhfhoinsí le fáil ar ár leathanach Gréasáin dar teideal Foinsí Sonraí Míchumais.

Bailímid sonraí príomhúla freisin. Nuair is cuí, cuirimid na sonraí sin ar fáil le haghaidh tuilleadh taighde. Caith súil ar Bhunachair Sonraí ÚNM.

Táimid tiomanta d’úsáid agus athúsáid faisnéise ón earnáil phoiblí a chur chun cinn. Léigh ár Ráiteas Sonraí Oscailte chun tuilleadh faisnéise a fháil.

Oiliúint Feasachta ar Mhíchumas

Amharc ar an bhfíseán réamhléiritheach dár modúl oiliúna ar líne ar fheasacht ar chomhionannas míchumais. Tá leagan níos cothroime le dáta á fhorbairt againn faoi láthair.

Modúl oiliúna ar líne ar fheasacht ar mhíchumas

Foirne Uirlisí

D’fhorbraíomar roinnt foirne uirlisí chun tacú leis an earnáil phoiblí na hoibleagáidí atá uirthi ó thaobh faisnéise inrochtana agus seirbhísí inrochtana de a chomhlíonadh.

Físeáin

Tá cainéal YouTube againn, áit a n-óstálaimid ár bhfíseáin uile. Is féidir leat amharc ar an gcainéal anseo.

Comhdhálacha Bliantúla

Seolann ÚNM comhdháil gach bliain chun foghlaim ó Éirinn agus ó thíortha eile a chomhroinnt maidir leis an mbeartas agus an cleachtas míchumais i leith téama ar leith.

Tuarascálacha na Scéime Cur Chun Cinn Taighde

Ón mbliain 2008 i leith, tá ÚNM ag tacú le tionscadail taighde éagsúla a bhaineann le míchumas faoin Scéim Cur Chun Cinn Taighde. Féach na tuarascálacha éagsúla a foilsíodh.