Ár nObair ar Chaighdeáin

Is é atá i gcaighdeáin ná dóigh ar féidir a chinntiú go nglactar cineálacha comhsheasmhacha cur chuige i leith cineálacha áirithe ceanglas.

Is féidir iad a úsáid i réimsí éagsúla, lena n-áirítear:

  • An timpeallacht thógtha
  • Monaraíocht
  • Dearadh
  • Soláthar seirbhísí

Is é atá i gcaighdeán a chomhlíonadh ná dóigh thapa shothuigthe chun a thaispeáint gur baineadh íosleibhéal cáilíochta amach.

In Éirinn, is é an tÚdarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann (NSAI) a dhéanann stiúradh agus rialáil ar chaighdeáin a fhorbairt.

Rannchuidíonn ár Lárionad Foirfeachta i nDearadh Uilíoch le caighdeáin ar Dhearadh Uilíoch agus inrochtaineacht a fhorbairt agus a chur chun cinn. Oibrímid i ndlúthchomhar le príomh-gheallsealbhóirí agus le comhlachtaí Náisiúnta, Eorpacha agus Idirnáisiúnta amhail an tÚdarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann chun a chinntiú go n-aithnítear sna caighdeáin na riachtanais atá ag gach úsáideoir, lena n-áirítear iad sin atá faoi mhíchumas.

Is féidir samplaí den obair caighdeán a bhaineann le Dearadh Uilíoch agus inrochtaineacht ar ghlac ÚNM/an Lárionad Foirfeachta i nDearadh Uilíoch páirt iontu a fheiceáil anseo:

Feidhmeanna Faireacháin

Déanaimid feidhmeanna éagsúla faireacháin chun a sheiceáil conas atá an pobal ag feidhmiú i ndáil le reachtaíocht nó le Cóid Chleachtais ghaolmhara.

Déanaimid amhlaidh trí shonraí cáilíochtúla agus cainníochtúla a bhailiú ó áiteanna ar fud na hearnála poiblí agus iad a athbhreithniú chun a dhéanamh amach conas atáthar ag comhlíonadh na spriocanna forordaithe nó na modhanna iompair forordaithe.

Áirítear iad seo a leanas leis na feidhmeanna faireacháin atá againn:

Tá Cóid Chleachtais forbartha againn freisin arna iarraidh sin ag an Aire.

Leis na Cóid sin, treoraítear cur chuige comhsheasmhach i leith seirbhísí poiblí a sholáthar. Tá na Cóid bunaithe ar na dea-chleachtais atá sainaitheanta againn inár gcuid oibre taighde agus meastóireachta.

Má chomhlíonann comhlacht poiblí Cód Cleachtais, ciallaíonn sé sin go bhfuil sé ag comhlíonadh na reachtaíochta iomchuí.

Má dhéanann ÚNM faireachán ar fheidhmíocht i ndáil le Cód Cleachtais agus má shainaithníonn sé bearnaí, is féidir linn treoir a thabhairt do chomhlachtaí poiblí maidir le conas is féidir leo a n-oibleagáidí faoin reachtaíocht a chomhlíonadh.

Má thagaimid ar dhea-chleachtas, ciallaíonn sé sin go bhfuiltear ag comhlíonadh na reachtaíochta. Tá sé ina dhea-eiseamláir ar féidir le heagraíochtaí eile í a leanúint freisin.

Léigh tuilleadh faoinár n-obair faireacháin.