Gearáin faoin Acht um Míchumas 2005

Féadfar gearán a dhéanamh in aghaidh ÚNM mura gcomhlíonaimid ailt 25, 26, 27, 28 agus 29 den Acht um Míchumas 2005:

  • Alt 25: Ní mór d’fhoirgnimh phoiblí, seachas láithreáin oidhreachta, ceanglais inrochtaineachta a chomhlíonadh ar aon dul le Cuid M de na Rialacháin Foirgníochta
  • Alt 26: Ba cheart seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas agus seirbhísí do dhaoine nach bhfuil faoi mhíchumas a bheith comhtháite. Ba cheart cúnamh a thabhairt chun an tseirbhís a rochtain agus ba cheart oifigeach rochtana amháin ar a laghad a bheith ann ar an bhfoireann chun cúnamh agus treoir a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas
  • Alt 27: Ba cheart earraí agus seirbhísí a sholáthraítear do chomhlachtaí poiblí a bheith inrochtana a mhéid is indéanta
  • Alt 28: Ba cheart cumarsáid (ó bhéal, i scríbhinn nó leictreonach) a sholáthar i bhfoirm atá inrochtana do dhaoine a bhfuil lagú éisteachta nó lagú amhairc orthu. Ba cheart faisnéis atá ábhartha do dhaoine faoi mhíchumas intleachta a bheith sothuigthe agus i dteanga shoiléir
  • Alt 29: Ní mór láithreáin oidhreachta atá faoi úinéireacht phoiblí, faoi bhainistíocht phoiblí nó faoi rialú poiblí agus atá ar oscailt don phobal a bheith inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin i gcás go n-imreofaí tionchar ar chaomhantas an láithreáin dá ndéanfaí inrochtana é

Is é ÚNM an comhlacht reachtúil neamhspleách náisiúnta a bunaíodh chun comhairle a chur ar an Rialtas ar bheartas agus cleachtas a bhaineann le daoine faoi mhíchumas.

Is é seo a leanas a bhfuil i gceist le gearán a dhéanamh le ÚNM:

  1. Féadfaidh aon duine gearán a dhéanamh le ÚNM murar chomhlíon ÚNM ailt 25, 26, 27, 28 nó 29 den Acht um Míchumas 2005 (mar atá leagtha amach thuas).
  2. Féadfar gearán a dhéanamh:
  • I bpearsa
  • I scríbhinn
  • Ar an bhfón
  • Trí fhacs
  • Trí ríomhphost
  • Trí minicom
  • Le cúntóir.
Sa chuid is mó de chásanna, is le stiúrthóir an Údaráis Náisiúnta Míchumais a dhéanfar an gearán. Mar sin féin, déanfaidh na baill foirne a bhfuil an gearán faighte acu fógra a thabhairt don oifigeach fiosrúchán agus don chúntóir pearsanta leis an stiúrthóir ar aon ghearán a fháil. Tabharfar mionsonraí teagmhála an oifigigh fiosrúchán duit. Déanfaidh an ball foirne a bhfuil an gearán faighte aige/aici aon ghearán a thaifeadadh, agus tarchuirfear an gearán chuig an oifigeach fiosrúchán. Is í Suzanne Lambe oifigeach fiosrúchán an Údaráis Náisiúnta Míchumais agus gníomhóidh sí i gcáil neamhspleách, mar a cheanglaítear leis an Acht um Míchumas. Cloífidh an tÚdarás Náisiúnta Míchumais i ngach cás leis an Treoir ón Ombudsman maidir le Córais Inmheánacha Gearán.

Coinneoidh an t-oifigeach fiosrúchán comhad leictreonach agus páipéir le haghaidh gach gearáin, agus admhóidh sé/sí a luaithe is féidir, agus tráth nach déanaí ná cúig lá oibre tar éis é a fháil, go bhfuarthas an gearán.

Scagfaidh an t-oifigeach fiosrúchán gach gearán chun a dhéanamh amach an mbaineann nó nach mbaineann sé le mainneachtain líomhnaithe ag an gcomhlacht ailt 25, 26, 27, 28 nó 29 den Acht um Míchumas a chomhlíonadh.

Murab amhlaidh atá, áfach, tabharfaidh an t-oifigeach gearán comhairle maidir le bealaí malartacha sásaimh.

Más gearán suaibhreosach é an gearán, cuirfear an méid sin in iúl don ghearánach agus bainfear leas as an Treoir ón Ombudsman maidir le Córais Inmheánacha Gearán.

Féadfaidh an t-oifigeach fiosrúchán mionsonraí breise nó faisnéis bhreise a iarraidh ón ngearánach agus, má mheastar é a bheith riachtanach, rachaidh an t-oifigeach fiosrúchán i gcomhairle leis na páirtithe nó na rannóga uile lena mbaineann maidir leis an ngearán eisithe.

Ba cheart aon fhaisnéis arna hiarraidh a sholáthar don oifigeach fiosrúchán laistigh d’uastréimhse dhá sheachtain ó dháta na hiarrata.

Mura bhfaightear freagra, seolfar meabhrúcháin i scríbhinn nó ar an teileafón má mheastar iad a bheith cuí.

Mura bhfaightear aighneacht ón ngearánach, leanfaidh an t-oifigeach fiosrúchán ar aghaidh le himscrúdú.

Le linn an imscrúdaithe, is féidir go mbeidh sé riachtanach agallamh a chur ar an ngearánach nó ar bhaill foirne laistigh den eagraíocht. Is féidir é sin a dhéanamh chun ceisteanna léirmhínithe a phlé nó chun faisnéis a tharraingt.

Coinneofar taifead d’agallaimh i ngach cás.

Ag deireadh gach agallaimh, déanfar seiceáil chun a chinntiú gur cruinn atá an cuntas atá ann sna nótaí.

Eagraítear gach agallamh roimh ré agus bíonn oibleagáid ar gach ball foirne comhoibriú go hiomlán le himscrúdú an oifigigh fiosrúchán.

Scrúdaíonn an t-oifigeach fiosrúchán an fhaisnéis ar fad arna fáil agus taifeadann sé/sí a fhionnachtana. Má shainaithnítear go raibh mainneachtain ann, leagfaidh sé/sí amach na bearta is gá a dhéanamh chun comhlíonadh a chinntiú sa todhchaí.

Mura measann an t-oifigeach fiosrúchán go bhfuil an gearán suaibhreosach nó cráiteach, déanfaidh sé/sí tuilleadh imscrúdaithe ar an ngearán. Ullmhóidh sé/sí tuarascáil i scríbhinn ar thorthaí a (h)imscrúdaithe agus mionsonróidh sé/sí a f(h)ionnachtana maidir leis na nithe seo:

  • Cibé acu a bhí nó nach raibh mainneachtain ag an Údarás Náisiúnta Míchumais an fhoráil ábhartha den Acht um Míchumas a chomhlíonadh
  • I gcás go dtabharfar le fios le cinneadh den sórt sin go raibh mainneachtain den sórt sin ann, na bearta is gá do ÚNM a dhéanamh chun na forálacha ábhartha den Acht um Míchumas a chomhlíonadh.

Cuirfear an tuarascáil i scríbhinn i gcrích laistigh de thrí seachtaine oibre ón dáta ar a bhfaightear an gearán, nuair is féidir, nó a luaithe is féidir i gcásanna nach bhfuil fáil réidh ann ar fhaisnéis.

Tabharfar achoimre ar fhionnachtana agus cinneadh na tuarascála don ghearánach agus don Fhoireann Ardbhainistíochta.

Ba cheart a chur in iúl don ghearánach go bhfuil sé de cheart aige/aici achomharc a dhéanamh leis an Ombudsman ag Oifig an Ombudsman, 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Más é atá sa chinneadh ón oifigeach fiosrúchán gur mhainnigh an tÚdarás Náisiúnta Míchumais foráil den Acht um Míchumas a chomhlíonadh, cuirfear an méid sin in iúl don stiúrthóir agus leagfar amach sa tuarascáil na bearta is gá a dhéanamh chun na saincheisteanna arna gcur i láthair a dheisiú.

A luaithe a bheidh fionnachtana na tuarascála tugtha don ghearánach agus a bheidh fógra tugtha dó/di i dtaobh an chinnidh, beidh an gearán dúnta.

Taifeadfar sa chomhad leictreonach agus páipéir an toradh, an dáta a dúnadh an comhad agus aon mhionsonraí ábhartha eile.

Chomh maith leis sin, déanfaidh an t-oifigeach fiosrúchán tuarascáil bhliantúil, lena n-áireofar staitisticí gearán, a chur faoi bhráid na foirne ardbhainistíochta ar oibriú an nós imeachta gearán.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le gearán a dhéanamh le Soláthraí Seirbhíse Poiblí, féach ‘Conas Gearán a Dhéanamh le Soláthraí Seirbhíse Poiblí’ ar shuíomh Gréasáin an Ombudsman.

An bhfuil aon cheisteanna agat maidir lenár nósanna imeachta gearán?

Déan teagmháil le Suzanne Lambe, ár n-oifigeach fiosrúchán, ar 01 608 0400 nó seol ríomhphost chuig info@nda.ie.