Íoc Pras Cuntas

Tá ÚNM tiomanta dá chinntiú go n-íoctar soláthraithe go pras, ar aon dul le ceanglais an Rialtais.

Rialaítear an dóigh a n-íocann ÚNM sonraisc leis an Acht um Íoc Pras Cuntas, 1997, arna leasú le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Íoc Déanach in Idirbhearta Tráchtála) (I.R. Uimh. 580 de 2012). Foráiltear leis na Rialacháin, a bhfuil feidhm chomhionann acu maidir leis an earnáil phoiblí agus leis an earnáil phríobháideach, do theidlíocht uathoibríoch i leith úis agus cúitimh más déanach a bhíonn íocaíocht as idirbhearta tráchtála.

Thug an Rialtas ceanglas neamhreachtúil breise isteach i mí an Mheithimh 2009 chun an tréimhse ar gá do Ranna Rialtais agus Oifigí Rialtais a soláthraithe a íoc laistigh di a laghdú ó 30 lá go 15 lá. Ar aon dul le nósanna imeachta cuí airgeadais, tá dianiarracht á déanamh chun a chinntiú go n-íoctar gach soláthraí laistigh den tréimhse ama sin.

Chuige sin, is féidir le soláthraithe cuidiú a thabhairt trína chinntiú go soláthraíonn siad sonraisc chearta agus mionsonraí cruinne cuntas bainc agus go bhfuil a stádas Imréitigh Cánach leis na Coimisinéirí Ioncaim cothrom le dáta.