
Teanga agus Míchumas
Chuireamar comhairle le chéile maidir leis an teanga chuí atá le húsáid le linn labhairt nó scríobh faoi mhíchumas.

Faisnéis agus Comhairle faoi Eagraíochtaí do Dhaoine faoi Mhíchumas
Sheolamar taighde agus d’fhorbraíomar comhairle don Rialtas maidir le hidirchaidreamh a dhéanamh le daoine faoi mhíchumas trína n-eagraíochtaí ionadaíocha, ar a dtugtar Eagraíochtaí do Dhaoine faoi Mhíchumas.

Seisiún Bliantúil Éisteachta
Tionólaimid seisiún bliantúil éisteachta le daoine faoi mhíchumas, rud a chabhraíonn lena chinntiú go bhfuil an chomhairle fhianaisebhunaithe a sholáthraímid don Rialtas bunaithe ar a dtaithí phearsanta.
Ár bPróisis le haghaidh Idirchaidreamh a Dhéanamh le Daoine faoi Mhíchumas agus le haghaidh Dul i gComhairle leo
Ceann amháin de na príomhthosaíochtaí straitéiseacha atá againn in ÚNM is ea próisis láidre oscailte a chothú le haghaidh idirchaidreamh a dhéanamh le daoine faoi mhíchumas agus leis an mórphobal míchumais agus le haghaidh dul i gcomhairle leo.
Oibrímid go crua chun a chinntiú go bhfuil an chomhairle agus an treoir uainn bunaithe ar thaithí daoine faoi mhíchumas.
Seo a leanas roinnt de na bealaí ina gcinntímid go gcuireann an pobal míchumais bonn eolais faoin gcomhairle uainn:
- Nuair a chuirimid tús le mórthionscadail taighde, bunaímid grúpa comhairleach atá comhdhéanta de dhaoine faoi mhíchumas agus de gheallsealbhóirí eile a bhfuil saineolas nó taithí acu ar an ábhar
- Agus comhairle beartais á hullmhú againn don Rialtas, eagraímid, nuair is iomchuí, comhairliúcháin dhírithe ar an topaic ionas gur féidir linn bheith deimhin de go dtuigimid na dearcthaí atá ag daoine faoi mhíchumas, ag a dteaghlach agus ag a gcúramóirí
- Eagraímid seisiún bliantúil éisteachta, áit a gcloisimid go díreach ó dhaoine faoi mhíchumas agus óna n-eagraíochtaí ionadaíocha faoina dtuairimí féin ar thopaicí sonracha
- Foghlaimímid ó ionchur na ndaoine faoi mhíchumas a shuíonn ar ghrúpaí oibre agus ar choistí in éineacht linn agus le hoifigigh phoiblí eile
- Déanaimid idirchaidreamh le hEagraíochtaí do Dhaoine faoi Mhíchumas agus le geallsealbhóirí ábhartha eile agus ár bPleananna Straitéiseacha á bhforbairt againn agus déanaimid idirchaidreamh tréimhsiúil leo chun cluinstin faoi na príomh-shaincheisteanna ar féidir leo bonn eolais a chur faoinár bpleanáil oibre
- Coimisiúnaímid mórshuirbhéanna poiblí chun tuiscint a ghnóthú ar dhearcthaí i leith daoine faoi mhíchumas nó chun faisnéis a bhailiú faoi cé chomh cuimsithe inár sochaí agus atá daoine faoi mhíchumas, dar leo féin
- Comhoibrímid le hAonad Rannpháirtíochta na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige chun foghlaim faoi conas is fearr is féidir idirchaidreamh a dhéanamh le leanaí agus daoine óga faoi mhíchumas
- Tugaimid cuireadh do chainteoirí faoi mhíchumas a bhfuil saineolas ar leith acu ar an topaic atá i gceist rannchuidiú lenár gComhdhálacha Bliantúla
Treoir maidir le Taighde Comhoibríoch a Sheoladh le Daoine faoi Mhíchumas
Rinneamar athbhreithniú ar an litríocht i ndáil le taighde comhoibríoch a sheoladh le daoine faoi mhíchumas. Bhí sé mar aidhm leis an athbhreithniú litríochta sin na píosaí éagsúla fianaise ar thángthas orthu le déanaí maidir le taighde comhoibríoch a sheoladh le daoine faoi mhíchumas a tharraingt le chéile chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:
1) sainaithint a dhéanamh ar mholtaí le haghaidh dea-chleachtais agus ar shamplaí de dhea-chleachtas, agus
2) breac-chuntas a thabhairt ar na tairbhí agus na dúshláin a bhaineann leis an gcur chuige sin
Tá an t-athbhreithniú ar fáil ag an nasc seo: Taighde Comhoibríoch a Sheoladh le Daoine faoi Mhíchumas: Athbhreithniú Litríochta
Cuirfidh an obair sin bonn eolais faoi pháipéar treorach a ullmhófar don Údarás Náisiúnta Míchumais agus don mhórphobal taighde.
