Cad is Dearadh Uilíoch ann?

Is é atá i gceist le Dearadh Uilíoch ná táirgí, seirbhísí, foirgnimh agus teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide a dhearadh chun go mbeidh siad inrochtana do gach duine, beag beann ar aois, ar mhéid, ar chumas nó ar mhíchumas.

Tá an Lárionad Foirfeachta i nDearadh Uilíoch tiomanta do phrionsabal na rochtana uilíche. Cuireann rochtain uilíoch ar chumas mhuintir na hÉireann páirt a ghlacadh i sochaí ina gcuirtear difríochtaí idir daoine san áireamh. Cuireann sí ar chumas gach duine idirghníomhú lena dtimpeallacht a oiread agus is féidir leo.

Oibríonn an fhoireann laistigh den Lárionad go dícheallach chun treoirlínte a fhorbairt agus béim a leagan ar dhea-chleachtas i ndáil le Dearadh Uilíoch. Cabhraíonn sé sin le geallsealbhóirí faisnéis phraiticiúil a bheith acu faoi conas is féidir a chinntiú go mbíonn an tsochaí chomh cuimsitheach agus is féidir.

Chomh maith leis sin, déanann an Lárionad Foirfeachta i nDearadh Uilíoch idirchaidreamh le raon leathan comhlachtaí gairmiúla chun feasacht a mhúscailt ar Dhearadh Uilíoch trí churaclaim ar fud an chórais oideachais agus trí fhorbairt ghairmiúil leanúnach.

Faigh tuilleadh faisnéise faoi Dhearadh Uilíoch trí chuairt a thabhairt ar ár suíomh Gréasáin ar an Lárionad Foirfeachta i nDearadh Uilíoch.

Físeán - Maidir leis an Lárionad Foirfeachta i nDearadh Uilíoch

02:42