Comhairle Beartais agus Aighneachtaí

Ullmhaímid páipéir chomhairle beartais ar fud na bliana ar thopaicí atá ábhartha do mhíchumas. Baineann siad sin le réimsí inar shainaithníomar bearna beartais nó déanaimid amhlaidh arna iarraidh sin ag roinn Rialtais.

Cuirimid roinnt aighneachtaí isteach gach bliain mar fhreagra ar chomhairliúcháin éagsúla a reáchtálann ranna Rialtais nó comhlachtaí poiblí iad. Tá roinnt díobh sin ábhartha do mhíchumas, cé go bhfuil a bhformhór ina mbeartais phríomhshrutha nó ina straitéisí príomhshrutha a bhféachaimid orthu ó thaobh cúrsaí míchumais de.

Mar shampla, is féidir go ndéanfaimid aighneachtaí maidir le beartais iompair, le pleananna forbartha limistéir áitiúil, le straitéis leanaí nua nó le píosa nua reachtaíochta, ar nithe iad a bhféachaimid orthu ó thaobh cúrsaí míchumais de.

Scéimeanna Cistiúcháin Taighde ÚNM

Ceann dár bpríomhthosaíochtaí is ea cur leis an taighde a bhaineann le míchumas. Is é ár bpríomhscéim cistiúcháin ná an Scéim Cur Chun Cinn Taighde, a bhfuil mar aidhm léi taighde ardchaighdeáin ar mhíchumas a chistiú. Reáchtáiltear an scéim sin gach dhá bhliain agus is gnách go ndámhtar dhá dheontas, faoi réir buiséad a bheith ar fáil.

Tá tograí le haghaidh tionscadail taighde faoin scéim cistiúcháin ar oscailt dóibh seo:

  • Institiúidí taighde
  • Soláthraithe seirbhíse
  • Eagraíochtaí do Dhaoine faoi Mhíchumas
  • Eagraíochtaí eile do dhaoine faoi mhíchumas

Scóráiltear iarratais ar bhonn na nithe seo:

  • Costas
  • Taithí na foirne taighde
  • Cáilíocht an togra taighde
  • Saincheisteanna inrochtaineachta

Lean sinn ar na meáin shóisialta nó cláraigh le haghaidh ár nuachtlitreach chun fógra a fháil faoi cén uair a fhéadfar iarratais a dhéanamh ar an scéim cistiúcháin. Fógraítear na deontais ar ár suíomh Gréasáin agus ag www.activelink.ie freisin

Is féidir leat tuarascálacha taighde roimhe a léamh agus tuilleadh faisnéise faoin scéim a fháil ar ár leathanach Gréasáin ar Scéimeanna Cistiúcháin Taighde.

Eitic

Cloíonn ÚNM leis na caighdeáin is airde maidir le heitic taighde. Níl coiste um eitic taighde dár gcuid féin againn ach is amhlaidh a fhaighimid ceadú eiticiúil le haghaidh an taighde ábhartha ar fad a dhéanaimid trínár gcomhpháirtithe oideachais, trínár soláthraithe seirbhíse nó trí chainéil eile.

Chuireamar in iúl don Rialtas nár cheart daoine faoi mhíchumas nach bhfuil de chumas acu a dtoiliú follasach a thabhairt a eisiamh ó thaighde.

Chuige sin, mholamar go gcuirfí leasú ar áireamh sa Bhille um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas) (Leasú), 2022, chun cabhrú le daoine nach féidir leo toiliú le dul faoi thaighde a chur ar áireamh i dtaighde nuair is cuí.

San am atá thart, tháirgeamar treoirlínte eiticiúla le haghaidh taighde le haosaigh faoi mhíchumas agus treoirlínte le haghaidh taighde le leanaí faoi mhíchumas. Tá sé beartaithe againn na treoirlínte sin a athrú chun dáta chun reachtaíocht nua amhail na Rialacháin um Thaighde Sláinte, bunú an Choiste um Dhearbhú Toilithe Taighde Sláinte agus na leasuithe atá ar feitheamh ar an Acht um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas) a chur san áireamh.

Critéir Cháilíochta

Tá dualgas reachtúil orainn comhairle atá bunaithe ar fhianaise a thabhairt don Rialtas maidir le beartas agus cleachtas atá ábhartha do shaol laethúil daoine faoi mhíchumas in Éirinn.

Chun a chinntiú go ndéantar ár gcuid taighde ar fad de réir ardchaighdeáin, d’fhorbraíomar Critéir Cháilíochta le haghaidh Thaighde ÚNM chun cáilíocht an taighde a dhéanaimid laistigh den eagraíocht agus cáilíocht an taighde a choimisiúnaímid nó a chistímid a threorú. Tá na treoirlínte sin ina gcuid chaighdeánach de gach conradh taighde a bhronnann ÚNM.