Faisnéis Phearsanta a Bhailiú agus a Úsáid

Is chun a críche luaite agus chun na críche sin amháin a úsáidfear an fhaisnéis a sholáthraíonn tú ar shuíomh Gréasáin an Údaráis Náisiúnta Míchumais. Maidir le haon fhaisnéis phearsanta a sholáthraíonn tú do ÚNM trínár bpróiseas clárúcháin Nuachtlitreach, ní sholáthrófar í d’aon tríú páirtithe agus ní úsáidfear í ar aon slite nach bhfuil ag teacht leis an tslí a soláthraítear faisnéis a bhaineann le ÚNM nó feidhmeanna ginearálta an tsuímh Gréasáin.

Úsáidimid an seoladh ríomhphoist a sholáthraíonn tú le linn an phróisis clárúcháin Nuachtlitreach chun foláirimh ríomhphoist agus nuachtlitreacha a sheoladh chugat i gcás gur thoiligh tú leis na nithe sin a fháil trínár bhfoirmeacha ar líne a chomhlánú nó trí theagmháil a dhéanamh linn trí ríomhphost nó trí mhodhanna eile. Chomh maith leis sin, ar shuíomh Gréasáin an Údaráis Náisiúnta Míchumais agus laistigh de gach ríomhphost a sheolaimid chugat, tugaimid deis duit diúltú do chumarsáid den sórt sin a fháil. Ní nochtfaimid do shonraí pearsanta ach amháin i gcás gur thoiligh tú leis an nochtadh sin.

Féadfaidh tú fógra a thabhairt dúinn faoi aon athruithe i do shonraí pearsanta agus, de réir na n-oibleagáidí atá orainn faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, déanfaimid do shonraí pearsanta a nuashonrú, a cheartú nó a scriosadh dá réir sin.

Tá sé de cheart agat cóip a iarraidh d’aon sonraí pearsanta a shealbhaímid fút. Tá sé de cheart agat freisin a iarraidh go gceartófaí sonraí den sórt sin i gcás go bhfuil siad míchruinn nó míthreorach.

An Ceart chun Diúltú d’Fhianáin

Úsáideann an suíomh Gréasáin seo Google Analytics, ar seirbhís anailísíochta Gréasáin é a sholáthraíonn Google Inc. ("Google"). Úsáideann Google Analytics "fianáin", ar téacschomhaid iad a chuirtear ar do ríomhaire chun cabhrú leis an suíomh Gréasáin anailís a dhéanamh ar an dóigh a n-úsáideann daoine an suíomh.

Maidir leis an bhfaisnéis a ghineann an fianán faoin dóigh a n-úsáideann tú an suíomh Gréasáin (do sheoladh IP san áireamh), tarchuirfear í chuig Google agus stórálfaidh Google í ar fhreastalaithe sna Stáit Aontaithe. Úsáidfidh Google an fhaisnéis sin chun meastóireacht a dhéanamh ar an dóigh a n-úsáideann tú an suíomh Gréasáin, chun tuarascálacha ar ghníomhaíocht suímh Gréasáin a thiomsú d’oibritheoirí suímh Gréasáin agus chun seirbhísí eile a bhaineann le gníomhaíocht suímh Gréasáin agus le húsáid an Idirlín a sholáthar. Chomh maith leis sin, féadfaidh Google an fhaisnéis sin a aistriú chuig tríú páirtithe i gcás go gceanglaítear air déanamh amhlaidh le dlí nó i gcás go ndéanann tríú páirtithe den sórt sin an fhaisnéis a phróiseáil thar ceann Google. Ní dhéanfaidh Google aon cheangal idir do sheoladh IP agus aon sonraí eile a shealbhaíonn sé. Féadfaidh tú diúltú d’úsáid fianán trí na socruithe cuí a roghnú ar do bhrabhsálaí. Má dhéanann tú amhlaidh, is féidir nach mbeidh tú in ann leas a bhaint as feidhmiúlacht iomlán an tsuímh Gréasáin seo. Tríd an suíomh Gréasáin seo a úsáid, tugann tú toiliú do Google sonraí a phróiseáil fút ar an mbealach agus chun na gcríoch atá leagtha amach thuas.

Mionsonraí Teagmhála

Tá Oifigeach Cosanta Sonraí againn, atá freagrach as déileáil le ceisteanna a bhaineann leis an ráiteas príobháideachta seo agus lenár gcur chuige i leith príobháideachta. Má bhíonn aon cheisteanna agat faoin ráiteas príobháideachta seo, lena n-áirítear aon iarraidh chun do chearta a fheidhmiú, déan teagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí trí na mionsonraí atá leagtha amach thíos a úsáid:

An tOifigeach Cosanta Sonraí,

An tÚdarás Náisiúnta Míchumais,

25 Bóthar Chluaidh,

Baile Átha Cliath 4

Ríomhphost: dataprotection@nda.ie