Treoir maidir le sonraí oscailte agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid

Cúlra

Leis na Rialacháin um Fhaisnéis ón Earnáil Phoiblí a Athúsáid, 2005 (I.R. Uimh. 279 de 2005), cuireadh chun feidhme Treoir 2003/98/CE ón Aontas Eorpach maidir le Faisnéis ón Earnáil Phoiblí a Athúsáid, ina bhféachtar ar fhaisnéis ón earnáil phoiblí mar ábhar príomha le haghaidh inneachar digiteach agus táirgí agus seirbhísí digiteacha agus mar ábhar a bhíonn ag éirí níos tábhachtaí i gcónaí. Leis an Treoir, spreagtar gach Ballstát den Aontas Eorpach úsáid agus athúsáid faisnéise ón earnáil phoiblí a chur chun cinn.

Ghlac an Coimisiún Eorpach togra le haghaidh an Treoir maidir le Faisnéis ón Earnáil Phoiblí a Athúsáid (Treoir 2013/37/AE) a athbhreithniú an 25 Aibreán 2018. Cuireadh an togra sin i láthair mar chuid de phacáiste beart a bhfuil mar aidhm leo cabhrú le spás coiteann sonraí a chruthú san Aontas Eorpach. Athbhreithnítear leis an Treoir nua (Treoir (AE) 2019/1024) na rialacha a tugadh isteach ar dtús leis an Treoir maidir le Faisnéis ón Earnáil Phoiblí a Athúsáid. Toradh eile atá ar an Treoir athbhreithnithe is ea go dtugtar aghaidh ar roinnt de na bacainní atá ann go fóill ar fhaisnéis atá cistithe go poiblí a athúsáid ar fud an Aontais Eorpaigh agus go dtugtar an creat reachtach cothrom le dáta le dul chun cinn i dteicneolaíochtaí digiteacha.

Comhlíonann an tÚdarás Náisiúnta Míchumais na Rialacháin sin agus spreagaimid athúsáid na faisnéise a tháirgimid agus a choimeádaimid, faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach thíos.

Beartas an Údaráis Náisiúnta Míchumais

Mura sonraítear a mhalairt go sainráite, is faoi chóipcheart ÚNM atá an fhaisnéis ar fad ar an suíomh Gréasáin seo.
Mar a bheartaítear leis an Treoir agus leis na Rialacháin, féadfaidh tú an fhaisnéis ar an suíomh Gréasáin seo a athúsáid gan cead a lorg roimh ré, faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach i gCeadúnas Idirnáisiúnta Sannta Creative Commons 4.0 agus sa séanadh thíos, lena n-áirítear an oibleagáid atá ann ÚNM a lua go cuí nuair a úsáidtear faisnéis ó ÚNM.

Ní thugann ÚNM údarás d’aon úsáideoir cearta eisiacha a bheith aige/aici chun a chuid faisnéise a athúsáid.

Séanadh

I ngach cás, is ar phriacal an athúsáideora féin a athúsáidtear faisnéis ó ÚNM. Níl ÚNM faoi dhliteanas i leith aon earráidí ná aon easnamh san fhaisnéis agus ní bheidh sé faoi dhliteanas i leith aon chaillteanais, aon díobhála ná aon damáiste de chineál ar bith a eascraíonn as an bhfaisnéis sin a úsáid. Níl ÚNM freagrach as aon saincheisteanna a eascraíonn as an athúsáideoir nó tríú páirtí a bheith ag brath ar fhaisnéis ó ÚNM. Ní ráthaíonn ÚNM go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraíonn sé cothrom le dáta ina hiomláine agus go bhfuil sí saor ó earráidí. Ceadúnaítear an fhaisnéis 'mar atá', agus eisiann ÚNM gach uiríoll, barántas, oibleagáid agus dliteanas i ndáil leis an bhfaisnéis sin a mhéid ar fad a cheadaítear le dlí.

Tuilleadh Faisnéise

Chun mionsonraí iomlána a fháil faoin bhfaisnéis a choimeádtar ar an suíomh Gréasáin seo, féach léarscáil an tsuímh.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi athúsáid na faisnéise a choimeádann an tÚdarás Náisiúnta Míchumais, déan teagmháil leis an duine seo a leanas:
An tOifigeach Foilseachán
Fón: 01 608 0400
Ríomhphost: nda@nda.ie