Séanadh

Is ar phriacal an athúsáideora féin a dhéantar athúsáid faisnéise an NDA. Níl an ÚNM faoi dhliteanas i leith aon earráidí nó easnaimh san fhaisnéis agus ní bheidh sé faoi dhliteanas i leith aon chaillteanais, díobhála nó damáiste de chineál ar bith a tharlaíonn de bharr a húsáide.

Níl an NDA freagrach as aon saincheisteanna a eascraíonn as brath an athúsáideora nó tríú páirtí ar fhaisnéis an NDA. Ní thugann ÚNM ráthaíocht go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraíonn sé cothrom le dáta go hiomlán nó saor ó earráidí. Tá an fhaisnéis ceadúnaithe ‘mar atá’ agus ní áirítear leis an NDA gach uiríoll, barántas, oibleagáid agus dliteanais maidir leis an bhfaisnéis a mhéid a cheadaítear faoin dlí.

Déanfar iniúchadh ar earráidí nó easnaimh a thugtar faoi deara don NDA agus déanfar leasuithe nó ceartúcháin a luaithe is indéanta. Cuir aon earráidí, easnaimh agus tuairimí in iúl trí ríomhphost chuig info@nda.ie.