Straitéisí agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD)

Cé gurb í an Straitéis Náisiúnta um Chuimsiú Míchumais an fheithicil reatha chun an UNCRPD a chur i bhfeidhm in Éirinn, forbraíodh í sular dhaingnigh Éire Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD) in 2018.

Tá píosa oibre cuimsitheach déanta againn, ag rianú reachtaíochta, beartais, tionscnaimh agus cleachtais reatha i gcoinne na nAirteagal atá sa UNCRPD, chun tuiscint a fháil ar an gcumas chun na cearta sin a bhaint amach trí bheartas atá ann cheana féin.

I mí na Samhna 2021, chuir Éire a céad tuarascáil stáit pháirtí faoi bhráid Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta Daoine faoi Mhíchumas. Déantar cur síos sa tuarascáil ar a bhfuil á dhéanamh ag Éirinn chun cearta daoine faoi mhíchumas a chosaint agus a fheabhsú. Tá an obair a rinneadh faoin Straitéis Náisiúnta um Chuimsiú Míchumais agus faoin Straitéis Chuimsitheach Fostaíochta le feiceáil sa tuarascáil seo.
Tá deireadh leis an Straitéis Náisiúnta um Chuimsiú Míchumais (2017-2022) go luath agus tá an straitéis chomharba 'An Straitéis Náisiúnta um Chearta an Duine do Dhaoine faoi Mhíchumas 2025-2030' le teacht.

Tá tacaíocht tugtha againn do fhorbairt na straitéise seo trí chruinnithe agus comhoibriú leis na heagraíochtaí daoine míchumtha agus le daoine míchumtha eile, agus trí ár n-úsáid taighde agus comhairle maidir le polasaí.

Léigh tuilleadh faoi UNCRPD