Folúntais

Is é an tÚdarás Náisiúnta Míchumais (ÚNM) an comhlacht reachtúil neamhspleách a sholáthraíonn faisnéis agus comhairle fhianaisebhunaithe don Rialtas ar bheartas agus cleachtas a bhaineann le saol daoine faoi mhíchumas.

Áirítear iad seo a leanas leis na feidhmeanna atá againn:

  • Taighde
  • Cabhrú le caighdeáin a fhorbairt
  • Cóid chleachtais a tháirgeadh
  • Faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme caighdeán agus cód cleachtais
  • Faireachán a dhéanamh ar fhostú daoine faoi mhíchumas san earnáil phoiblí
  • Gnóthú dea-chaighdeán agus dea-cháilíochta a aithint
  • Lárionad Foirfeachta i nDearadh Uilíoch a oibriú, rud a chuireann úsáid an deartha uilíoch sa timpeallacht thógtha, i dtáirgí, i seirbhísí agus i dteicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide chun cinn ionas gur féidir le gach duine iad a rochtain, a thuiscint agus a úsáid, beag beann ar a n-aois, a méid, a gcumas nó a míchumas

Is é an tÚdarás Náisiúnta Míchumais féin a chuireann an earcaíocht i gcrích, agus fógraítear folúntais ar an suíomh Gréasáin seo, tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus trí chineálacha eile meán.

Is fostóir comhdheiseanna é an tÚdarás Náisiúnta Míchumais.

Cuirtear fáilte ar leith roimh iarratais ó dhaoine faoi mhíchumas. Is féidir Socruithe Réasúnacha a chur i bhfeidhm.

Beidh naisc chuig aon fholúntais reatha le fáil thíos.

Struchtúir Phá/ Ghrádúcháin

Tá foireann an Údaráis Náisiúnta Míchumais comhdhéanta de sheirbhísigh phoiblí a fhostaítear ar bhonn buan. Uaireanta, is gá baill foirne shealadacha a fhostú ar bhonn conartha.

Íoctar formhór na mball foirne ar scálaí pá caighdeánacha na Státseirbhíse. Is ar scálaí tuarastail comhdhlúite na Roinne Sláinte a íoctar roinnt ball foirne, amhail Oifigigh Chléireachais Ghrád III agus Ghrád IV.