Ár bPróisis le haghaidh Idirchaidreamh a Dhéanamh le Daoine faoi Mhíchumas agus le haghaidh Dul i gComhairle leo

Ceann amháin de na príomhthosaíochtaí straitéiseacha atá againn in ÚNM is ea próisis láidre oscailte a chothú le haghaidh idirchaidreamh a dhéanamh le daoine faoi mhíchumas agus leis an mórphobal míchumais agus le haghaidh dul i gcomhairle leo.

Oibrímid go crua chun a chinntiú go bhfuil an chomhairle agus an treoir uainn bunaithe ar thaithí daoine faoi mhíchumas.

Seo a leanas roinnt de na bealaí ina gcinntímid go gcuireann an pobal míchumais bonn eolais faoin gcomhairle uainn:

  • Nuair a chuirimid tús le mórthionscadail taighde, bunaímid grúpa comhairleach atá comhdhéanta de dhaoine faoi mhíchumas agus de gheallsealbhóirí eile a bhfuil saineolas nó taithí acu ar an ábhar
  • Agus comhairle beartais á hullmhú againn don Rialtas, eagraímid, nuair is iomchuí, comhairliúcháin dhírithe ar an topaic ionas gur féidir linn bheith deimhin de go dtuigimid na dearcthaí atá ag daoine faoi mhíchumas, ag a dteaghlach agus ag a gcúramóirí
  • Eagraímid seisiún bliantúil éisteachta, áit a gcloisimid go díreach ó dhaoine faoi mhíchumas agus óna n-eagraíochtaí ionadaíocha faoina dtuairimí féin ar thopaicí sonracha
  • Foghlaimímid ó ionchur na ndaoine faoi mhíchumas a shuíonn ar ghrúpaí oibre agus ar choistí in éineacht linn agus le hoifigigh phoiblí eile
  • Déanaimid idirchaidreamh le hEagraíochtaí do Dhaoine faoi Mhíchumas agus le geallsealbhóirí ábhartha eile agus ár bPleananna Straitéiseacha á bhforbairt againn agus déanaimid idirchaidreamh tréimhsiúil leo chun cluinstin faoi na príomh-shaincheisteanna ar féidir leo bonn eolais a chur faoinár bpleanáil oibre
  • Coimisiúnaímid mórshuirbhéanna poiblí chun tuiscint a ghnóthú ar dhearcthaí i leith daoine faoi mhíchumas nó chun faisnéis a bhailiú faoi cé chomh cuimsithe inár sochaí agus atá daoine faoi mhíchumas, dar leo féin
  • Comhoibrímid le hAonad Rannpháirtíochta na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige chun foghlaim faoi conas is fearr is féidir idirchaidreamh a dhéanamh le leanaí agus daoine óga faoi mhíchumas
  • Tugaimid cuireadh do chainteoirí faoi mhíchumas a bhfuil saineolas ar leith acu ar an topaic atá i gceist rannchuidiú lenár gComhdhálacha Bliantúla

Treoir chun taighde comhoibríoch a dhéanamh le daoine faoi mhíchumas

Tá treoir nua seolta againn maidir le taighde a dhéanamh le daoine faoi mhíchumas. Is acmhainn phraiticiúil í seo chun tacú le taighdeoirí chun daoine faoi mhíchumas a bheith rannpháirteach go bríoch le linn an phróisis taighde.

D’fhéadfadh an treoir a bheith úsáideach freisin do dhaoine faoi mhíchumas ar spéis leo a bheith páirteach i dtaighde, agus d’eagraíochtaí ar mian leo tacú lena mbaill páirt a ghlacadh i dtaighde.

Cláraigh lenár Nuachtlitir a fháil

Faigh an t-eolas is deireanaí ar ár bhfoilseacháin, ár nuacht agus ár n-imeachtaí is déanaí le ríomhphost trí huaire nó ceithre huaire sa bhliain.

Léigh an nuachtlitir is déanaí uainn