Gníomhaíocht Faireacháin ÚNM agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas

Gnéithe atá le feiceáil ar fud Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD) is ea táirgí inrochtana, faisnéis faoi sheirbhísí, iompar, rochtain ar an timpeallacht thógtha agus gníomhaíochtaí cultúrtha, spóirt agus fóillíochta. Pléitear le hinrochtaineacht in Airteagal 9 ina iomláine.

Rannchuidíonn ár ngníomhaíochtaí faireacháin agus ár gcuid oibre ar chur chun feidhme straitéisí náisiúnta a mheasúnú le cur chun feidhme éifeachtach UNCRPD in Éirinn. Cuireann siad ar ár gcumas comhairle a chur ar an Aire maidir leis an dóigh a bhfuil comhlachtaí poiblí ag comhlíonadh na n-oibleagáidí atá orthu faoin Acht um Míchumas 2005, faoi Chóid Chleachtais ghaolmhara agus faoi reachtaíocht agus rialacháin iomchuí eile.

Is féidir le faireachán aitheantas a thabhairt do chomhlachtaí poiblí á rá gur chomhlíon siad a n-oibleagáidí. Is féidir leis faisnéis úsáideach a thabhairt do chomhlachtaí poiblí, ar faisnéis í ina sainaithnítear bearnaí ina gcuid seirbhísí mar aon le réimsí nach bhfuil siad ag comhlíonadh a n-oibleagáidí iontu agus nach mór feabhas a chur orthu.

Oibrímid freisin chun treoir agus comhairle a thabhairt do chomhlachtaí poiblí chun gur féidir leo feabhas leanúnach a chur ar a seirbhísí.

Léigh tuilleadh faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas