Treoir d’Oifigeach Rochtana do Chomhlachtaí Poiblí

Cuireann Oifigigh Rochtana comhionannas agus cuimsiú sóisialta chun cinn trí chinntiú gur féidir le daoine faoi mhíchumas rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí. Is cuid thábhachtach é seo de shochaí a chruthú ina gcaitear le gach duine le dínit, ina mbíonn rochtain ar chearta an duine agus nach mbíonn leithcheal orthu.

Tá ról na nOifigeach Rochtana ríthábhachtach chun cearta a chosaint, agus ar an gcúis seo tá sé leagtha amach i ndlí a éilíonn go mbeadh Oifigeach Rochtana ag gach comhlacht poiblí mar atá sainmhínithe i gCuid 3 den Acht um Míchumas.

Léigh ár dTreoir d’Oifigeach Rochtana (as Béarla)