Teanga Chomharthaíochta agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas

Leagtar béim i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD) ar cé chomh tábhachtach is atá teanga chomharthaíochta maidir le cearta daoine faoi mhíchumas a réadú i roinnt réimsí.

Luaitear teanga chomharthaíochta i gceithre airteagal de UNCRPD, maidir leo seo:

  • Inrochtaineacht (Airteagal 9)
  • Saoirse chun Tuairimí a Nochtadh agus Faisnéis a Fháil, Rochtain ar Fhaisnéis (Airteagal 21)
  • Oideachas (Airteagal 24)
  • Rannpháirtíocht sa Saol Cultúrtha (Airteagal 30)

Trí na hAirteagail sin, ceanglaítear ar Stáit le UNCRPD:

  • Bearta a ghlacadh chun glacadh le teanga chomharthaíochta a úsáid i gcumarsáidí oifigiúla agus chun an úsáid sin a éascú
  • Úsáid teanga chomharthaíochta a aithint agus a chur chun cinn
  • Ateangairí teanga chomharthaíochta a sholáthar chun rochtain ar sheirbhísí poiblí a éascú

Luaitear ann go bhfuil daoine faoi mhíchumas i dteideal aitheantas comhionann agus tacaíocht chomhionann a fháil dá bhféiniúlacht chultúrtha agus theangeolaíoch, lena n-áirítear teanga chomharthaíochta agus cultúr na mBodhar.

Maidir le hoideachas, ceanglaítear ar Stáit le UNCRPD foghlaim teanga chomharthaíochta agus cur chun cinn fhéiniúlacht theangeolaíoch phobal na mBodhar a éascú. Is é an aidhm atá leis sin ná rannpháirtíocht chomhionann san oideachas a chur chun cinn agus cuimsiú pobail a chur chun cinn. Ceanglaítear leis freisin gur sa teanga is oiriúnaí don duine aonair a sholáthraítear an t-oideachas a chuirtear ar dhaoine Bodhra/bodhra.

Léigh tuilleadh faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas

Teanga agus Pobal na mBodhar/na mbodhar

Is ann do bhreithniúcháin ar leith ar cheart do dhaoine bheith ar an eolas fúthu maidir le teanga agus pobal na mBodhar. Leagadh béim ar na breithniúcháin sin inár gcomhairliúchán le Cumann Bodhar na hÉireann.

Úsáideann daoine de phobal na mBodhar Teanga Chomharthaíochta na hÉireann mar theanga roghnaithe dóibh agus deir siad gur baill de ghrúpa mionlaigh chultúrtha nó teanga iad, in ionad a rá gur daoine faoi mhíchumas iad.

Is ann freisin do dhaoine bodhra agus do dhaoine a bhfuil lagú éisteachta orthu nach n-úsáideann Teanga Chomharthaíochta na hÉireann agus ar féidir go ndeir nó nach ndeir siad gur daoine faoi mhíchumas iad. In amanna, litrítear an focal ‘bodhar’ le litir ‘B’ sa chás uachtair (‘Bodhar’) nó le litir ‘b’ sa chás íochtair (‘bodhar’) chun idirdhealú a dhéanamh idir na daoine sin a úsáideann Teanga Chomharthaíochta na hÉireann agus na daoine sin nach ndéanann amhlaidh. I roinnt cásanna, baintear úsáid as an téarma ‘Bodhar/bodhar’ chun tagairt a dhéanamh do na daoine sin a deir go bhfuil siad Bodhar ón taobh cultúrtha de agus do na daoine sin nach ndéanann amhlaidh.

Aithníonn ÚNM go mbíonn a roghanna pearsanta féin ag gach duine aonair. Léigh tuilleadh faoi theanga agus téarmaíocht míchumais sa pháipéar comhairle uainn.

Léigh an Páipéar as Béarla