Ár gCuid Oibre agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas

Tá an obair ar fad a dhéanaimid san Údarás Náisiúnta Míchumais bunaithe ar Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas. Is é atá sa Choinbhinsiún ná conradh idirnáisiúnta chearta an duine atá ann chun a chinntiú go bhfuil gach duine faoi mhíchumas in ann cearta uile an duine agus na saoirsí bunúsacha uile a fheidhmiú ar bhealach cothrom iomlán agus na cearta agus na saoirsí sin a chur chun cinn agus a chosaint.

Leis an gCoinbhinsiún, cuirtear prionsabail bhunaithe um chearta an duine faoi Dhearbhú Chearta an Duine ó na Náisiúin Aontaithe i bhfeidhm maidir le daoine faoi mhíchumas. Déanann an Coiste um Chearta Daoine faoi Mhíchumas faireachán ar an gCoinbhinsiún.

Shínigh Rialtas na hÉireann an Coinbhinsiún sa bhliain 2007 agus dhaingnigh sé é i mí an Mhárta 2018. Rinneadh an chéad tuarascáil stáit ó Éirinn faoin gCoinbhinsiún a eisiúint chuig an gCoiste um Chearta Daoine faoi Mhíchumas i mí na Samhna 2021.

Tá 50 Airteagal san iomlán ann sa Choinbhinsiún. Cumhdaítear i 26 Airteagal gach réimse den saol, lena n-áirítear iad seo a leanas:

  • Sláinte
  • Oideachas
  • Fostaíocht
  • Aitheantas Comhionann os comhair an Dlí
  • Saoirse ó Dhúshaothrú, ó Fhoréigean agus ó Mhí-úsáid
  • Inrochtaineacht
  • Maireachtáil go Neamhspleách agus Cuimsiú sa Phobal

Cuimsíonn an Coinbhinsiún dearcthaí trasnacha freisin. Mar shampla, tá Airteagail ann maidir le mná faoi mhíchumas agus maidir le leanaí faoi mhíchumas.

Chun a chinntiú go bhfuil ag daoine faoi mhíchumas na cineálacha céanna de chearta an duine atá ag gach duine eile, ceanglaítear le hAirteagal 33 den Choinbhinsiún go mbunófaí sásra neamhspleách faireacháin. Déanann an sásra sin faireachán ar an dul chun cinn a bhíonn á dhéanamh ag an Rialtas ar fheabhas a chur ar a chuid dlíthe, beartas agus seirbhísí bunriachtanacha. Cinntíonn sé sin go bhfuil ag daoine faoi mhíchumas na cineálacha céanna de chearta an duine atá ag gach duine eile.

Is é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas an sásra neamhspleách faireacháin don Choinbhinsiún in Éirinn. Ar feitheamh reachtaíocht a thabhairt isteach, soláthróidh an tÚdarás Náisiúnta Míchumais faisnéis agus staitisticí don Choimisiún chun cabhrú leis an ról faireacháin atá aige.

Ár bhFoilseacháin Chorparáideacha

Déanaimid dianiarracht na caighdeáin is airde a bhaint amach inár gcuid oibre. Táirgimid tuarascálacha maidir lenár ngníomhaíochtaí uile gach bliain. Forbraímid Plean Straitéiseach nua gach trí bliana chun a chinntiú go bhfuil ár gcuid oibre fós ábhartha don tírdhreach athraitheach ó thaobh beartais agus cleachtais mhíchumais de.

Cumhdaítear lenár bPlean Straitéiseach reatha an tréimhse ón mbliain 2022 go dtí an bhliain 2024. Tá cúig thosaíocht straitéiseacha ar áireamh inár bPlean Straitéiseach reatha. Is iad sin:

  1. Comhairle agus treoir neamhspleách fhianaisebhunaithe a sholáthar, tacú le comhordú beartas, cur chun feidhme straitéisí agus beartas náisiúnta a chur ar aghaidh, agus spriocanna Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas a chomhlíonadh
  2. Measúnú, faireachán agus meastóireacht neamhspleách a dhéanamh ar an dul chun cinn a bhíonn á dhéanamh ar bheartais, straitéisí agus cóid chleachtais ar fud an Rialtais
  3. Gníomhaíochtaí a chur ar aghaidh chun feasacht ar Dhearadh Uilíoch, agus glacadh le Dearadh Uilíoch, a chur chun cinn ar fud na hÉireann
  4. Próisis láidre oscailte a chothú le haghaidh idirchaidreamh a dhéanamh le daoine faoi mhíchumas agus leis an mórphobal míchumais agus le haghaidh dul i gcomhairle leo
  5. Éifeachtacht eagraíochtúil a chothabháil agus a fheabhsú

Ar mhaith leat tuilleadh faisnéise a fháil faoina mbíonn á dhéanamh againn chun feabhas a chur ar shaol daoine faoi mhíchumas in Éirinn? Dá mba mhaith, brabhsáil ár dtuarascálacha tríd an nasc ábhartha a roghnú.

Saoráil Faisnéise

Ullmhaítear scéim foilsitheoireachta ÚNM faoi alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.

Folúntais

Ar mhaith leat a bheith mar chuid dár bhfoireann? Breathnaigh ar na folúntais atá againn faoi láthair agus déan iarratas ar líne.

Tairiscintí

Foilsímid gach Iarraidh ar Thairiscintí ar eTenders, an suíomh Gréasáin soláthair.

Airgeadas

Faigh faisnéis faoi Íocaíochtaí Prasa agus faoi Orduithe Ceannaigh ar mó a luach ná €20,000.

Brústocaireacht a Rialáil

Faisnéis faoinár nOifigigh Phoiblí Ainmnithe faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.

Maidir leis an Údarás Náisiúnta Míchumais (físeán i mbéarla)

03:11

Cláraigh lenár Nuachtlitir a fháil

Faigh an t-eolas is deireanaí ar ár bhfoilseacháin, ár nuacht agus ár n-imeachtaí is déanaí le ríomhphost trí huaire nó ceithre huaire sa bhliain.

Léigh an nuachtlitir is déanaí uainn