An Dóigh a nOibríonn an tÚdarás Náisiúnta Míchumais

In ÚNM, cuirimid ár gcuid oibre i gcrích ar roinnt dóigheanna éagsúla:

  • Déanaimid taighde a sheoladh nó a choimisiúnú ina bhféachtar ar dhea-chleachtas i mbeartas agus cleachtas míchumais, in Éirinn agus thar lear araon
  • Úsáidimid an taighde sin chun taca a chur faoin gcomhairle a thugaimid don Rialtas trí pháipéir fhoirmiúla chomhairle i scríbhinn a fhoilsiú, trí aighneachtaí a dhéanamh i leith comhairliúchán agus trí pháirt a ghlacadh i ngrúpaí oibre agus i gcoistí
  • Forbraímid treoir phraiticiúil chun tacú le cuimsiú iomlán daoine faoi mhíchumas inár bpobail, inár scoileanna agus inár n-áiteanna oibre
  • Forbraímid Cóid Chleachtais chun dea-chleachtas a léiriú maidir le cearta daoine faoi mhíchumas a aithint. Tá dualgas orainn freisin faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht na hearnála poiblí i ndáil leis na Cóid sin agus tuairisc a thabhairt ar an bhfeidhmíocht sin
  • Déanaimid cruinnithe a óstáil agus a éascú idir geallsealbhóirí difriúla ionas gur féidir fadhbanna agus réitigh fhéideartha a phlé le hionchur ó na páirtithe uile. Cuirtear taithí phearsanta leis an gcomhairle uainn trí dhíospóireachtaí a sheoladh le hEagraíochtaí do Dhaoine faoi Mhíchumas agus le daoine eile faoi mhíchumas
  • Eagraímid seimineáir agus comhdhálacha chun eolas agus dea-chleachtas a chomhroinnt maidir le míchumas agus maidir le Dearadh Uilíoch
  • Anailísímid sonraí agus táirgimid staitisticí ar eispéiris daoine faoi mhíchumas i gcomparáid le heispéiris daoine nach bhfuil faoi mhíchumas. Tugaimid spreagadh do chomhlachtaí poiblí eile sonraí a bhailiú agus a úsáid faoi na daoine faoi mhíchumas a úsáideann a gcuid seirbhísí agus tugaimid comhairle dóibh ina leith sin.