Maidir le Próiseas Tairisceana an ÚNM

Baineann ÚNM úsáid as na creataí agus conarthaí lárnacha atá curtha i bhfeidhm ag an Oifig um Sholáthar Rialtais, nuair is féidir.

I gcás seirbhísí nach gcumhdaítear leis na socruithe seo faoi láthair, comhlíonann ÚNM oibleagáidí soláthair náisiúnta agus oibleagáidí soláthair an Aontais Eorpaigh.

Foilsímid gach iarraidh ar thairiscintí ar eTenders, an suíomh Gréasáin soláthair.

Ós rud é go gceanglaítear le halt 27 den Acht um Míchumas 2005 ar an gceann ar chomhlacht poiblí a chinntiú gurb inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas a bhíonn na seirbhísí agus na hearraí a sholáthraítear don chomhlacht poiblí, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gur cheart do gach soláthraí ionchasach inrochtaineacht a chur san áireamh le linn freagra a thabhairt ar cheann ar bith dár nIarrataí ar Thairiscintí.