Is mian le ÚNM painéal Oifigeach Feidhmiúcháin Saoráidí agus TF a chruthú le haghaidh ceapacháin chuig poist bhuana atá ann cheana agus a bheidh ann sa todhchaí sa Rannóg Seirbhísí Corparáideacha. Tá sé beartaithe go mbeidh an painéal sin i bhfeidhm ar feadh dhá bhliain ar a laghad ó dháta a bhunaithe. Beidh na ceapacháin ón bpainéal sin ina gceapacháin chuig róil bhuana ar bhonn lánaimseartha. Tá folúntas lánaimseartha amháin ann i láthair na huaire.

Chun iarratas a dhéanamh, comhlánaigh an fhoirm iarratais ábhartha agus seol ar aghaidh í i dteannta litir chumhdaigh (dhá leathanach ar a mhéad) ina leagtar amach d’oiriúnacht don ról chuig recruitment2@nda.ie

Glacfar le hiarratais go dtí 5pm am áitiúil Dé hAoine an 20 Meán Fómhair 2024.

Is fostóir comhdheiseanna é an tÚdarás Náisiúnta Míchumais. Chuirfí fáilte ar leith roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil míchumas orthu. Is féidir Socruithe Réasúnacha a chur i bhfeidhm.

Leabhrán d’Iarrthóirí - Oifigeach Feidhmiúcháin Saoráidí agus TF

Word

DOCX

60.575 KB

Foirm Iarratais - Oifigeach Feidhmiúcháin Saoráidí agus TF

Word

DOCX

42.897 KB