Is mian leis an Údarás Náisiúnta Míchumais Oifigeach Caighdeán agus Monatóireachta cheapadh laistigh de Rannóg Caighdeán agus Monatóireachta an Lárionaid Sármhaitheasa i nDearadh Uilíoch. Déanfar an ceapachán ar bhonn buan lánaimseartha.

Chun iarratas a dhéanamh, comhlánaigh an fhoirm iarratais ábhartha agus seol ar aghaidh í i dteannta litir chumhdaigh (dhá leathanach ar a mhéad) ina leagtar amach d’oiriúnacht don ról chuig recruitment@nda.ie.

Glacfar le hiarratais go dtí 2 p.m. am áitiúil Dé Luain 24 Feabhra 2025.

Is fostóir comhdheiseanna é an tÚdarás Náisiúnta Míchumais. Chuirfí fáilte ar leith roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil míchumas orthu. Is féidir Socruithe Réasúnacha a chur i bhfeidhm.