Is mian le ÚNM painéal Oifigeach Sinsearach Taighde ag grád an Phríomhoifigigh Chúnta (Caighdeánach) a chruthú le haghaidh ceapacháin chuig poist bhuana atá ann cheana agus a bheidh ann sa todhchaí sa Rannóg Beartais, Taighde agus Gnóthaí Poiblí. Tá sé beartaithe go mbeidh an painéal sin i bhfeidhm ar feadh dhá bhliain ar a laghad ó dháta a bhunaithe. Beidh na ceapacháin ón bpainéal sin ina gceapacháin chuig róil bhuana ar bhonn lánaimseartha agus/nó páirtaimseartha, ag brath ar riachtanais na ról atá le líonadh. Tá folúntas lánaimseartha amháin agus folúntas páirtaimseartha amháin ann i láthair na huaire.

Chun iarratas a dhéanamh, comhlánaigh an fhoirm iarratais ábhartha agus seol ar aghaidh í i dteannta litir chumhdaigh (dhá leathanach ar a mhéad) ina leagtar amach d’oiriúnacht don ról chuig recruitment@nda.ie

Glacfar le hiarratais go dtí 5pm am áitiúil Dé hAoine an 30 Lúnasa 2024.

Is fostóir comhdheiseanna é an tÚdarás Náisiúnta Míchumais. Chuirfí fáilte ar leith roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil míchumas orthu. Is féidir Socruithe Réasúnacha a chur i bhfeidhm.

Leabhrán d’Iarrthóirí – Oifigeach Sinsearach Taighde

WORD (2024)

DOCX

61.727 KB

Foirm Iarratais – Oifigeach Sinsearach Taighde

WORD (2024)

DOCX

43.139 KB