Téama

Rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas sa saol polaitiúil agus poiblí in Éirinn – Airteagal 29 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD)

Cathain

Déardaoin an 26 Deireadh Fómhair 2023, 9:30am – 16.15pm

Cén Áit

Ócáid chumaisc a bheidh inti seo, agus í ar siúl i Staid Aviva, Baile Átha Cliath, agus ar líne araon

Cé mhéad

Saor in aisce.

Táimid in áirithe go hiomlán cheana féin le haghaidh freastal pearsanta. Is féidir leat clárú fós chun freastal ar líne.

Le linn na hócáide i mbliana, scrúdófar Airteagal 29 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD) in Éirinn, lena ndírítear ar rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas sa saol polaitiúil agus poiblí.

Díreofar sa chomhdháil seo ar shaincheisteanna a bhaineann le vótáil inrochtana agus leis an ionadaíocht phoiblí agus pholaitiúil atá ag daoine faoi mhíchumas in Éirinn. Leis an ócáid, tabharfar daoine faoi mhíchumas, oifigigh phoiblí agus ionadaithe tofa le chéile chun na bacainní a mbíonn daoine faoi mhíchumas ag déileáil leo agus réitigh mholta a phlé. Scrúdófar lena linn freisin na cleachtais idirnáisiúnta atá ábhartha don téama sin, agus cur i láthair á dhéanamh ar an bhfoghlaim ó thíortha eile a d’fhéadfadh eolas a dhéanamh do réitigh fhéideartha chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus na bacainní a mbítear ag déileáil leo.

Beidh suim acu seo a leanas sa chomhdháil:

  • an lucht déanta beartas
  • oifigigh earnála poiblí
  • oifigigh údaráis áitiúil
  • Eagraíochtaí do Dhaoine faoi Mhíchumas agus eagraíochtaí míchumais eile
  • Daoine aonair a bhfuil míchumas orthu agus a dteaghlach


Beidh ateangaireacht Theanga Chomharthaíochta na hÉireann agus fotheidealú fíor-ama ar fáil.

Táimid in áirithe go hiomlán cheana féin le haghaidh freastal pearsanta. Is féidir leat clárú fós chun freastal ar líne.


Clár Chomhdháil Bhliantúil 2023

Leagan Word

DOCX

77.804 KB

Clár Chomhdháil Bhliantúil 2023

Leagan PDF

PDF

87.724 KB