Tuigimid go bhfuil roinnt mearbhaill agus suaite mar gheall ar fhoclaíocht éigin i gceist a bhaineann go sonrach le huathachas a cuireadh san áireamh sa cheistneoir do thuismitheoirí agus caomhnóirí san athbhreithniú ar shamhail seirbhíse CDNT. Gabhaimid buíochas leo siúd a chuir a n-imní in iúl dúinn agus gabhaimid leithscéal as aon suaitheadh atá déanta againn. Tar éis aiseolas a fháil ó phobal an Uathachais, tá an cheist seo athraithe againn anois. Do thuismitheoirí a bhfuil an ceistneoir comhlánaithe acu, iarraimid ort gan é a chomhlánú arís. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis an iliomad tuismitheoirí agus caomhnóirí atá tar éis an ceistneoir a chomhlánú go dtí seo agus spreagfaimis daoine eile a bheith rannpháirteach ionas gur féidir linn taithí na dtuismitheoirí agus na gcaomhnóirí ar fad ar leanbh atá ag fáil nó ag fanacht ar sheirbhís CDNT a ghabháil. Is féidir leo siúd ar mian leo an suirbhé a chomhlánú é sin a dhéanamh ag an nasc seo a leanas: https://www.surveymonkey.com/r/HGM5SRB Is féidir leat tuilleadh a léamh faoin athbhreithniú CDNT anseo