Aighneacht an ÚNM maidir le Plean Straitéiseach na Seirbhíse Cúirteanna 2024 – 2027
Tugann an ÚNM le fios go bhfuil Plean Straitéiseach nua na Seirbhíse Cúirteanna 2024-2027 ag teacht le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas agus le straitéisí agus gealltanais bheartais ábhartha eile, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le míchumas.