Comhairle Beartais agus Aighneachtaí

Ullmhaímid páipéir chomhairle beartais ar fud na bliana ar thopaicí atá ábhartha do mhíchumas. Baineann siad sin le réimsí inar shainaithníomar bearna beartais nó déanaimid amhlaidh arna iarraidh sin ag roinn Rialtais.

Cuirimid roinnt aighneachtaí isteach gach bliain mar fhreagra ar chomhairliúcháin éagsúla a reáchtálann ranna Rialtais nó comhlachtaí poiblí iad. Tá roinnt díobh sin ábhartha do mhíchumas, cé go bhfuil a bhformhór ina mbeartais phríomhshrutha nó ina straitéisí príomhshrutha a bhféachaimid orthu ó thaobh cúrsaí míchumais de.

Mar shampla, is féidir go ndéanfaimid aighneachtaí maidir le beartais iompair, le pleananna forbartha limistéir áitiúil, le straitéis leanaí nua nó le píosa nua reachtaíochta, ar nithe iad a bhféachaimid orthu ó thaobh cúrsaí míchumais de.

Scéimeanna Cistiúcháin Taighde ÚNM

Ceann dár bpríomhthosaíochtaí is ea cur leis an taighde a bhaineann le míchumas. Is é ár bpríomhscéim cistiúcháin ná an Scéim Cur Chun Cinn Taighde, a bhfuil mar aidhm léi taighde ardchaighdeáin ar mhíchumas a chistiú. Reáchtáiltear an scéim sin gach dhá bhliain agus is gnách go ndámhtar dhá dheontas, faoi réir buiséad a bheith ar fáil.

Tá tograí le haghaidh tionscadail taighde faoin scéim cistiúcháin ar oscailt dóibh seo:

  • Institiúidí taighde
  • Soláthraithe seirbhíse
  • Eagraíochtaí do Dhaoine faoi Mhíchumas
  • Eagraíochtaí eile do dhaoine faoi mhíchumas

Scóráiltear iarratais ar bhonn na nithe seo:

  • Costas
  • Taithí na foirne taighde
  • Cáilíocht an togra taighde
  • Saincheisteanna inrochtaineachta

Lean sinn ar na meáin shóisialta nó cláraigh le haghaidh ár nuachtlitreach (ag bun an leathanaigh seo), chun fógra a fháil faoi cén uair a fhéadfar iarratais a dhéanamh ar an scéim cistiúcháin. Fógraítear na deontais ar ár suíomh Gréasáin agus ag www.activelink.ie freisin.

Is féidir leat tuarascálacha taighde roimhe a léamh agus tuilleadh faisnéise faoin scéim a fháil (i mBéarla) ar ár leathanach Gréasáin ar Scéimeanna Cistiúcháin Taighde.

Treoir Eiticiúil do Thaighde Míchumais

Cloíonn ÚNM leis na caighdeáin is airde maidir le heitic taighde. Níl ár gcoiste eitice taighde buan féin againn ach faightear faomhadh eiticiúil dár dtaighde ábhartha go léir trínár gcomhpháirtithe acadúla, soláthraithe seirbhíse nó bealaí eile.

D'fhoilsigh an NDA treoir eiticiúil athbhreithnithe do thaighde le daoine fásta faoi mhíchumas (leigh as béarla).

Cuireann an treoir athbhreithnithe san áireamh reachtaíocht nua mar na Rialacháin um Thaighde Sláinte, bunú an Choiste um Dhearbhú Toiliú Taighde Sláinte agus tosach feidhme an Achta um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas) leasaithe.

Níor cheart daoine faoi mhíchumas nach bhfuil an cumas toiliú go sainráite acu a eisiamh go héagórach ó thaighde. Áirítear leis an treoir athbhreithnithe faisnéis agus comhairle maidir le cuimsiú daoine nach bhfuil an cumas toiliú sainráite a sholáthar.

Tá an bhuntreoir eiticiúil 2009 do thaighde le daoine fásta faoi mhíchumas (as Béarla) ar fáil freisin le híoslódáil. Féadfaidh taighdeoirí dul i gcomhairle freisin lenár dtreoirlínte 2005 maidir le taighde le leanaí faoi mhíchumas (as Béarla).

Critéir Cháilíochta

Tá dualgas reachtúil orainn comhairle atá bunaithe ar fhianaise a thabhairt don Rialtas maidir le beartas agus cleachtas atá ábhartha do shaol laethúil daoine faoi mhíchumas in Éirinn.

Chun a chinntiú go ndéantar ár gcuid taighde ar fad de réir ardchaighdeáin, d’fhorbraíomar Critéir Cháilíochta le haghaidh Thaighde ÚNM (as Béarla), chun cáilíocht an taighde a dhéanaimid laistigh den eagraíocht agus cáilíocht an taighde a choimisiúnaímid nó a chistímid a threorú. Tá na treoirlínte sin ina gcuid chaighdeánach de gach conradh taighde a bhronnann ÚNM.

Cláraigh lenár Nuachtlitir a fháil

Faigh an t-eolas is deireanaí ar ár bhfoilseacháin, ár nuacht agus ár n-imeachtaí is déanaí le ríomhphost trí huaire nó ceithre huaire sa bhliain.

Léigh an nuachtlitir is déanaí uainn