Tá tuarascáil monatóireachta 2024 foilsithe againn anois faoi Threoir an AE maidir le hInrochtaineacht Gréasáin.
Rinneamar 232 Athbhreithniú Simplithe, 23 athbhreithniú domhain ar láithreáin ghréasáin agus 8 n-athbhreithniú ar aipeanna móibíleacha don tréimhse monatóireachta 2024.
I mbliana, tá Tuarascáil Achoimre ar Fhaireachán na hÉireann 2022-2024 foilsithe againn freisin. Leagann an doiciméad seo béim ar thorthaí suimiúla agus sainaithnítear príomhthreochtaí inár sonraí monatóireachta le trí bliana anuas.
Léigh tuilleadh (i mBéarla) agus íoslódáil na tuarascálacha.