Dhírigh Comhdháil 2024 ar ‘Rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas sa saol cultúrtha, caitheamh aimsire, fóillíocht agus spórt in Éirinn a chur chun cinn – Airteagal 30 de chuid UNCRPD.

Thug an imeacht daoine faoi mhíchumas, oifigigh phoiblí agus raon cainteoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta le chéile chun plé a dhéanamh ar na bacainní atá roimh dhaoine faoi mhíchumas maidir le rannpháirtíocht sa saol cultúrtha, caitheamh aimsire, fóillíocht agus spórt; réitigh fhéideartha ar na dúshláin seo; agus dea-chleachtais in Éirinn agus i dtíortha eile. Bhí léirithe cultúrtha iontacha againn ar an lá freisin.

Tá na taifeadtaí de gach seisiún lena n-áirítear léirithe, ar fáil anois le féachaint orthu.