Ballraíocht ghrúpa comhairleach
Táimid ag lorg baill den ghrúpa comhairleach do thionscadal maidir le rochtain ar sheirbhísí poiblí do dhaoine uathacha nach bhfuil labhairt acu nó do dhaoine a bhfuil mórán cainte acu agus d’úsáideoirí eile na Cumarsáide Méadaithe agus Malartach (AAC). Tá an obair seo mar chuid dár gcuid oibre faoi Ghníomh 82 den Straitéis Nuálaíochta Uathachais.
Beidh dhá ghrúpa chomhairleacha ar leith ann- Grúpa comhairleach um thaithí saoil (do dhaoine uathacha agus daoine faoi mhíchumas eile)
- Grúpa comhairleach do lucht tacaíochta (do lucht tacaíochta lena n-áirítear baill teaghlaigh agus daoine gairmiúla)
Cuirfidh baill an ghrúpa chomhairligh treoirdhoiciméad dea-chleachtais ar an eolas a chabhróidh le feabhas a chur ar rochtain ar sheirbhísí poiblí do dhaoine nach labhraíonn nó nach bhfuil mórán cainte acu. Áirítear leis seo daoine uathacha agus daoine faoi mhíchumas eile a úsáideann Cumarsáid Malartach agus Mhéadaithe (AAC).
Is é Dé Luain 7 Iúil an spriocdháta le haghaidh iarratas.
Léigh tuilleadh faoin obair seo agus conas is féidir leat páirt a ghlacadh i mBéarla.