Soláthraíonn ár "Seicliosta Leagan Amach Inmheánach do Thithe Dearaidh Uilíocha" nuafhoilsithe, a tháirgtear i gcomhpháirtíocht le Age Friendly Ireland, cúig shampla de phleananna urláir a léiríonn an seicliosta atá á chur i bhfeidhm in áiteanna cónaithe UD Home agus UD Home+ araon.

Is achoimre é an seicliosta ar threoirlínte ó na Treoirlínte um Dhearadh Uilíoch do Thithe in Éirinn a mbíonn tionchar acu ar leagan amach inmheánach teaghaisí. Cuirtear ar fáil é mar uirlis do dhearthóirí chun a chinntiú go mbreithneofar an Dearadh Uilíoch ag céimeanna luatha an dearaidh tithíochta.

Chun tuilleadh eolais a fháil i mBéarla, agus chun an seicliosta a íoslódáil i mBéarla, tabhair cuairt ar an leathanach tithíochta ar ár láithreán gréasáin CEUD.