Treoir maidir le Ról na nOifigeach Rochtana do Chomhlachtaí Poiblí
Ceanglaítear le halt 26 den Acht um Míchumas 2005 ar cheann gach comhlachta phoiblí cúnamh agus treoir a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas nó socrú a dhéanamh chun cúnamh agus treoir a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas agus iad ag rochtain ar a seirbhís. Éilíonn sé freisin orthu duine amháin dá n-oifigigh ar a laghad a cheapadh i ról an Oifigigh Rochtana chun an dualgas seo a chomhlíonadh.
Tá ár dTreoir maidir le Ról na nOifigeach Rochtana do Chomhlachtaí Poiblí nuashonraithe againn, agus tugaimid breac-chuntas ar cad ba cheart d'Oifigigh Rochtana a dhéanamh agus conas is féidir leo tacú le daoine faoi mhíchumas.
Ina theannta sin, cuirimid dhá fhíseán ar fáil do chomhlachtaí poiblí ina bhfuil faisnéis faoi ról na nOifigeach Rochtana.