ISL Video
Tá an tÚdarás Náisiúnta Míchumais (NDA) ag ullmhú tuarascála don Aire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais maidir le hoibriú Acht na Teanga Chomharthaíochta Éireannach (ISL) 2017.
Is í seo an dara tuarascáil ar an Acht ISL, agus díreoidh sí ar an dul chun cinn atá déanta ó foilsíodh an tuarascáil roimhe seo.Tá an NDA ag lorg aiseolais anois ó úsáideoirí ISL agus ó bhaill teaghlaigh maidir le rochtain ar sheirbhísí poiblí agus teidlíochtaí trí ISL chun an tuarascáil seo a threorú.
Is féidir aiseolas a sholáthar ar aon cheann de na bealaí seo a leanas:
- Suirbhéanna poiblí ar líne
- Aighneachtaí Teanga Chomharthaíochta trí fhíseán
- Aighneachtaí scríofa trí ríomhphost nó post
- Cruinnithe poiblí ar líne
Is é an 10 Deireadh Fómhair 2025 an dáta deiridh don chomhairliúchán poiblí.