Má tá taithí saoil agat ar mhíchumas agus spéis agat i dtaighde a bhaineann le míchumas, ba mhaith linn cloisteáil uait.

Táimid ag lorg saineolaí trí thaithí chun athbhreithniú a dhéanamh ar iarratais ar thrí thogra taighde a mhaoinítear go seachtrach in 2025. Chun a chinntiú go mbaineann an taighde a mhaoinímid le daoine faoi mhíchumas agus go n-áirítear gnéithe de thaighde comhoibritheach ón ÚNM tá saineolaí neamhspleách le taithí ag teastáil chun cabhrú linn measúnú a dhéanamh ar iarratais ar mhaoiniú.

Léigh tuilleadh (i mBéarla).