Ar an 26 Samhain d’fhreastail an ÚNM ar lainseáil tuarascála HIQA a bhreathnaíonn siar ar an gceann deiridh 10 mbliana de rialáil lárionaid ainmnithe do dhaoine faoi mhíchumas.
Bhí grúpa geallsealbhóirí éagsúla i láthair chun machnamh a dhéanamh ar na hathruithe atá tarlaithe san earnáil le deich mbliana anuas agus ar an tionchar dearfach atá ag rialáil ar shaol na ndaoine a úsáideann seirbhísí.
In 2015 d’fhoilsigh an tÚdarás Náisiúnta Míchumais athbhreithniú neamhspleách ar an taithí ar rialáil, ar chaighdeáin agus ar chigireachtaí ar sheirbhísí cónaithe do dhaoine faoi mhíchumas, le béim ar leith ar an gcéad bhliain oibríochta. Tá sé suimiúil a fheiceáil conas atá agus nár fhorbair rudaí ón tuarascáil sin.