Is mian leis an Údarás Náisiúnta Míchumais Oifigeach Cléireachais a cheapadh. Déanfar an ceapachán ar bhonn buan lánaimseartha. Bunófar painéal freisin chun aon fholúntais sa todhchaí le haghaidh an róil seo a líonadh ar bhonn buan, sealadach, páirtaimseartha nó lánaimseartha. Beidh an painéal i bhfeidhm ar feadh thart ar dhá bhliain.

Chun iarratas a dhéanamh, comhlánaigh an fhoirm iarratais ábhartha agus seol ar aghaidh í i dteannta litir chumhdaigh (dhá leathanach ar a mhéad) ina leagtar amach d’oiriúnacht don ról chuig recruitment2@nda.ie

Glacfar le hiarratais go dtí 2pm am áitiúil Dé Luain an 24 Feabhra 2025.

Is fostóir comhdheiseanna é an tÚdarás Náisiúnta Míchumais. Chuirfí fáilte ar leith roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil míchumas orthu. Is féidir Socruithe Réasúnacha a chur i bhfeidhm.

Leabhrán Faisnéise d’Iarrthóirí

DOCX

60.788 KB

Foirm Iarratais

DOCX

42.927 KB