Feidhmeanna Reachtúla an Údaráis Náisiúnta Míchumais

Tá ár bhfeidhmeanna leagtha amach san Acht um Údarás Náisiúnta Míchumais, 1999, agus san Acht um Míchumas 2005. Is é an phríomhfheidhm atá ag ÚNM ná comhairle a thabhairt don Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, agus é nó í a choimeád ar an eolas, faoi bheartas agus cleachtas i ndáil le daoine faoi mhíchumas.

Tugaimid cúnamh don Aire maidir le gach beartas míchumais a chomhordú freisin. Déanaimid idirchaidreamh le hoifigigh i bhformhór na ranna Rialtais agus sa mhórearnáil phoiblí.

Tacaíonn an chomhairle agus an treoir uainn le comhlachtaí poiblí spriocanna Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas a bhaint amach.

Áirítear iad seo a leanas le roinnt de na feidhmeanna atá againn:

  • Taighde
  • Cabhrú le caighdeáin a fhorbairt
  • Cóid Chleachtais a tháirgeadh
  • Faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme caighdeán agus Cód Cleachtais
  • Faireachán a dhéanamh ar fhostú daoine faoi mhíchumas san earnáil phoiblí
  • Gnóthú dea-chaighdeán agus dea-cháilíochta a aithint
  • Lárionad Foirfeachta i nDearadh Uilíoch a oibriú, rud a chuireann úsáid an deartha uilíoch sa timpeallacht thógtha, i dtáirgí, i seirbhísí agus i dteicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide chun cinn ionas gur féidir le gach duine iad a rochtain, a thuiscint agus a úsáid, beag beann ar a n-aois, a méid, a gcumas nó a míchumas.

An Treoir ón Aontas Eorpach maidir le hInrochtaineacht Gréasáin

Sannadh feidhm nua dúinn sa bhliain 2020 nuair a rinne an Rialtas an Treoir ón Aontas Eorpach maidir le hInrochtaineacht Gréasáin a thrasuí i reachtaíocht na hÉireann (I.R. Uimh. 358 de 2020).

Is sinne an comhlacht faireacháin maidir le comhlíonadh na Treorach ón Aontas Eorpach maidir le hInrochtaineacht Gréasáin. Tá dualgas ar an Údarás Náisiúnta Míchumais faireachán bliantúil a dhéanamh ar shuíomhanna Gréasáin earnála poiblí chun a chinntiú go bhfuil siad inrochtana do gach úsáideoir faoi mhíchumas. Tuairiscímid ár bhfionnachtana do Choimisiún an Aontais Eorpaigh freisin.

Léigh tuilleadh faoin Treoir ón Aontas Eorpach maidir le hInrochtaineacht Gréasáin agus faoin ról atá againn ina leith.

An tAcht um Theanga Chomharthaíochta na hÉireann

D’iarr an tAire ar an Údarás Náisiúnta Míchumais tuarascáil a ullmhú maidir le hoibriú an Achta um Theanga Chomharthaíochta na hÉireann, 2017. Chuireamar an chéad tuarascáil maidir le hoibriú an Achta faoi bhráid an Aire sa bhliain 2021.

Léigh tuilleadh faoi Theanga Chomharthaíochta na hÉireann.