Scéim Foilsithe um Shaoráil Faisnéise

Tá an scéim foilsithe ar fáil faoi shé phríomh-cheannteideal a bhforáiltear dóibh le halt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.

  • Rannán A: Faisnéis faoin Údarás Náisiúnta Míchumais
  • Rannán B: Seirbhísí a sholáthraítear, nó atá le soláthar, don phobal
  • Rannán C: An próiseas cinnteoireachta le haghaidh mórthograí beartais phoiblí
  • Rannán D: Faisnéis airgeadais
  • Rannán E: Soláthar
  • Rannán F: Loga nochta Saorála Faisnéise agus faisnéis eile atá le foilsiú ó am go chéile

Maidir Linn

Is é an tÚdarás Náisiúnta Míchumais (ÚNM) an comhlacht reachtúil neamhspleách a sholáthraíonn faisnéis agus comhairle don Rialtas ar bheartas agus cleachtas a bhaineann le saol daoine faoi mhíchumas. Tá ról againn i gcúnamh a thabhairt don Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige maidir leis an mbeartas míchumais a chomhordú.

Áirítear na nithe seo lenár bhfeidhmeanna: taighde agus forbairt agus dul i mbun comhair maidir le staitisticí ábhartha a fhorbairt; cabhrú le caighdeáin a fhorbairt; cóid chleachtais a fhorbairt; agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme caighdeán agus cód agus ar fhostú daoine faoi mhíchumas sa tseirbhís phoiblí.

Oibrímid trínár Maidir le ÚNM chun úsáid an deartha uilíoch sa timpeallacht thógtha, i dtáirgí, i seirbhísí agus i dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a chur chun cinn ionas gur féidir le gach duine iad a rochtain agus a úsáid go réidh, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas.

Léigh tuilleadh faoin ÚNM

Feidhmeanna Reachtúla

Tá feidhmeanna ÚNM leagtha amach sa dlí. Is é an phríomhfheidhm atá ag ÚNM ná comhairle agus faisnéis a thabhairt don Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige maidir le nithe a bhaineann le beartas agus cleachtas i ndáil le daoine faoi mhíchumas, agus cabhair a thabhairt don Aire le linn an beartas míchumais a chomhordú. Agus an méid sin á dhéanamh againn, tá againn feidhmeanna i ndáil leo seo:

  • Taighde
  • Cabhrú le caighdeáin a fhorbairt
  • Cóid Chleachtais a tháirgeadh
  • Faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme caighdeán agus Cód Cleachtais
  • Faireachán a dhéanamh ar fhostú daoine faoi mhíchumas san earnáil phoiblí
  • Gnóthú dea-chaighdeán agus dea-cháilíochta a aithint
  • Lárionad Sármhaitheasa i nDearadh Uilíoch a oibriú, rud a chuireann úsáid an deartha uilíoch sa timpeallacht thógtha, i dtáirgí, i seirbhísí agus i dteicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide chun cinn ionas gur féidir le gach duine iad a rochtain, a thuiscint agus a úsáid, beag beann ar a n-aois, a méid, a gcumas nó a míchumas

Léigh tuilleadh faoin ár bhfeidhmeanna reachtúla

An Reachtaíocht Iomchuí

Tá cumhachtaí reachtúla agus feidhmeanna reachtúla ÚNM leagtha amach san Acht um Údarás Náisiúnta Míchumais, 1999, arna leasú leis an Acht um Míchumas 2005.

Comhaltaí an Údaráis

Rialaíonn Bord atá comhdhéanta de 13 chomhalta – Cathaoirleach agus 12 Ghnáthchomhalta – ÚNM. Tá mionsonraí faoin Údarás leagtha amach in ailt 20-24 den Acht um Údarás Náisiúnta Míchumais, 1999, arna leasú le halt 56 den Acht um Míchumas 2005.

Socruithe Rialachais agus Bainistíochta

Tá ÚNM tiomanta do struchtúir, próisis agus córais dea-chleachtais a choinneáil i bhfeidhm lena dtacaítear le hoibriú rathúil dualgas ar bhealach eiticiúil, cuntasach, trédhearcach agus éifeachtach. Comhlíonann ÚNM an Cód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú.

Plean Straitéiseach

Foilsíonn ÚNM Plean Straitéiseach nua gach trí bliana.

Tuarascáil Bhliantúil

Cuireann ÚNM an Tuarascáil Bhliantúil agus na Ráitis Airgeadais uaidh faoin 30 Meitheamh gach bliain.

Cairt Eagrúcháin

Tá ÚNM comhdhéanta de dhá ghné, toisc go gcuimsítear ann an Lárionad Sármhaitheasa i nDearadh Uilíoch, ar lárionad reachtúil é. Léigh tuilleadh faoinár bhfoireann agus faoi chomhaltaí an Údaráis.

Struchtúir Phá/Ghrádúcháin

Tá foireann ÚNM comhdhéanta de sheirbhísigh phoiblí a fhostaítear ar bhonn buan. Uaireanta, is gá baill foirne shealadacha a fhostú ar bhonn conartha.

Is é an tÚdarás Náisiúnta Míchumais féin a chuireann an earcaíocht i gcrích, agus fógraítear folúntais ar an suíomh Gréasáin seo, tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus trí chineálacha eile meán.

Íoctar formhór na mball foirne ar scálaí pá caighdeánacha na Státseirbhíse. Is ar scálaí tuarastail comhdhlúite na Roinne Sláinte a íoctar roinnt ball foirne, amhail Oifigigh Chléireachais Ghrád III agus Ghrád IV

Tá na scálaí pá reatha ar fáil anseo:

https://www.gov.ie/en/circular...

https://www.hse.ie/eng/staff/b...

Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol

Le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol), 2007 go 2018, tugtar cearta dlíthiúla dóibh sin atá ar lorg rochtain ar fhaisnéis maidir leis an gcomhshaol ó údaráis phoiblí.

Tháinig na Rialacháin sin in éifeacht an 1 Bealtaine 2007, agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol), 1998, arbh í an ionstraim reachtúil roimhe í, á n-aisghairm acu.

Faoi réir eisceachtaí áirithe, ní mór faisnéis maidir leis an gcomhshaol atá i seilbh údaráis phoiblí, nó atá á sealbhú thar a cheann, a chur ar fáil ach í a iarraidh. Tugtar sainmhíniú ar fhaisnéis comhshaoil sna Rialacháin agus tugtar breac-chuntas iontu ar an dóigh a bhféadfar iarrataí ar fhaisnéis a chur faoi bhráid údaráis phoiblí. Foráiltear leis na Rialacháin freisin do nós imeachta foirmiúil achomhairc i gcás go mbeidh duine míshásta le breith a tugadh maidir leis an iarraidh uaidh/uaithi.

Conas is féidir liom Iarraidh a dhéanamh faoi na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol?

Más mian leat iarraidh a chur isteach faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol), 2007 go 2018, is iarraidh a bhaineann le ÚNM, seol iarraidh chuig an seoladh seo: An tÚdarás Náisiúnta Míchumais, 25 Bóthar Chluaidh, Baile Átha Cliath 4, D04 E409.

Ríomhphost: facilities@nda.ie

Na nithe is gá a chur ar áireamh in Iarraidh Bhailí

Agus iarraidh ar fhaisnéis á déanamh agat faoi na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol 2007-2018, ceanglaítear ort:

  • a lua go bhfuil an iarraidh á déanamh faoi na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, 2007-2018
  • do shonraí teagmhála a thabhairt
  • an fhaisnéis comhshaoil a theastaíonn a lua ar an mbealach is mine is féidir, agus an fhoirm agus an modh rochtana atáthar ag iarraidh a shonrú go soiléir
  • de réir na Rialachán, féadfaidh údarás poiblí táille réasúnach a ghearradh i leith faisnéis comhshaoil a sholáthar (féach na táillí thíos)
  • de ghnáth, tabharfar fógra duit i dtaobh na breithe ar an iarraidh uait laistigh de mhí amháin ón iarraidh a fháil.

Cad is féidir liom a dhéanamh i gcás go mbeidh mé míshásta le breith a tugadh maidir leis an iarraidh uaim?

I gcás go gceapfaidh tú gur diúltaíodh géilleadh go hiomlán nó go páirteach don iarraidh bhunaidh uait ar fhaisnéis comhshaoil, nó go gceapfaidh tú nár déileáladh go cuí ar shlí eile leis an iarraidh bhunaidh uait de réir fhorálacha na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, 2007-2018, féadfaidh tú, tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an bhreith ón údarás poiblí lena mbaineann a fháil, iarraidh ar an údarás poiblí athbhreithniú inmheánach a dhéanamh ar an mbreith go páirteach nó go hiomlán.

Táillí

Ní gá táille tosaigh a íoc i leith iarraidh a dhéanamh. Mar sin féin, féadfaidh údarás poiblí táille réasúnach a ghearradh i leith iarratais áirithe arna bhfáil, mar a fhoráiltear dó leis na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, 2007-2018.

Cairt Custaiméirí

Léigh Cairt Custaiméirí/Plean Gníomhaíochta an Údaráis Náisiúnta Míchumais.

Láthair an Údaráis Náisiúnta Míchumais

An tÚdarás Náisiúnta Míchumais, 25 Bóthar Chluaidh, Baile Átha Cliath 4, D04 E409.

Teil.: + 353 (0) 1 608 0400

Facs: + 353 (0) 1 660 9935

Ríomhphost: info@nda.ieinfo@ceud.ie

Déan Teagmháil Linn

Iarrataí Saorála Faisnéise chuig an Údarás Náisiúnta Míchumais

Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, tá gach duine i dteideal iarratas a dhéanamh ar rochtain ar fhaisnéis nach bhfuil ar fáil don phobal ar shlí eile. Ba cheart iarrataí a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart a shonrú iontu go bhfuiltear á ndéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ba cheart an fhoirm ina bhfuiltear ag lorg na dtaifead, e.g., fótachóipeanna/foirm leictreonach, a lua san iarraidh. Chun sainaithint na dtaifead atá á lorg a éascú, ba cheart d’iarrthóirí an cur síos is mine is féidir a dhéanamh ar na taifid. Más féidir, ba cheart uimhir theagmhála is féidir a úsáid le linn uaireanta oifige a sholáthar chun na mionsonraí faoi iarraidh Saorála Faisnéise a shoiléiriú. Cabhróidh foireann na hOifige le hiarraidh Saorála Faisnéise a chur le chéile, más gá.

Tabhair faoi deara go gcaitear leis an Údarás Náisiúnta Míchumais agus leis an Lárionad Sármhaitheasa i nDearadh Uilíoch mar eagraíocht amháin chun críocha an Achta um Shaoráil Faisnéise.

Is féidir iarrataí a dhéanamh le casadh an phoist nó le ríomhphost. Is iad seo na sonraí teagmhála:

An tOifigeach Saorála Faisnéise, An tÚdarás Náisiúnta Míchumais, 25 Bóthar Chluaidh, Baile Átha Cliath 4, D04 E409.

Teil.: + 353 (0) 1 608 0400

Facs: + 353 (0) 1 660 9935

Ríomhphost: foi@nda.ie

Admhóidh an tÚdarás Náisiúnta Míchumais laistigh de chúig lá oibre go bhfuarthas iarraidh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Eiseofar an bhreith laistigh de cheithre seachtaine ón dáta ar a bhfaightear an iarraidh.

An Ceart chun Athbhreithniú Inmheánach ar Bhreith

Foráiltear leis an Acht um Shaoráil Faisnéise do cheart chun athbhreithniú inmheánach ar bhreitheanna ó chomhlachtaí poiblí. Féadfar athbhreithniú inmheánach a iarraidh i gcás gur diúltaíodh géilleadh d’iarraidh Saorála Faisnéise nó gur géilleadh go páirteach di nó i gcás gur iarchuireadh rochtain nó go bhfuiltear ag easaontú leis an bhfoirm rochtana. Meastar gur diúltaíodh géilleadh d’iarraidh Saorála Faisnéise i gcás nár eisíodh breith laistigh de cheithre seachtaine ón iarraidh Saorála Faisnéise a fháil. Ba cheart iarrataí ar athbhreithniú inmheánach ar bhreitheanna ón Údarás Náisiúnta Míchumais a dhéanamh i scríbhinn chuig an duine seo a leanas:

An tOifigeach Saorála Faisnéise, An tÚdarás Náisiúnta Míchumais, 25 Bóthar Chluaidh, Baile Átha Cliath 4, D04 E409.

Teil.: + 353 (0) 1 608 0400

Facs: + 353 (0) 1 660 9935

Ríomhphost: foi@nda.ie

Cinnteoidh an tOifigeach Saorála Faisnéise go mbeidh an t-athbhreithniú á dhéanamh ag oifigeach atá ar leibhéal níos airde ná an t-oifigeach a thug an bhreith bhunaidh Saorála Faisnéise. Ba cheart iarraidh den sórt sin a dhéanamh laistigh de cheithre seachtaine ón mbreith bhunaidh a thabhairt. Ba cheart go n-eiseofaí laistigh de thrí seachtaine ón iarraidh a fháil an bhreith arna tabhairt tar éis athbhreithniú inmheánach.

An Ceart chun Achomhairc Bhreise

Má tá tú míshásta leis an toradh atá ar an athbhreithniú inmheánach, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh leis an oifig seo:

Oifig an Choimisinéara Faisnéise, 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, D02 HE97

Fón: +353 (1) 639 5689

Facs: (01) 6395676

Ríomhphost: foi@oic.ie

Táillí i leith iarrataí Saorála Faisnéise

Gearrtar táillí i leith cineálacha áirithe iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. I gcásanna áirithe, gearrtar táillí i leith cuardach agus aisghabháil.

Ceisteanna ó na Meáin

Is féidir iarrataí a dhéanamh le casadh an phoist nó le ríomhphost. Is iad seo na sonraí teagmhála:

An tOifigeach Cumarsáide, An tÚdarás Náisiúnta Míchumais, 25 Bóthar Chluaidh, Baile Átha Cliath 4, D04 E409.

Teil.: + 353 (0) 1 608 0400

Facs: + 353 (0) 1 660 9935

Ríomhphost: info@nda.ie

Seirbhísí Poiblí Inrochtana

Faoi alt 38 den Acht um Míchumas 2005, féadfar gearán a dhéanamh in aghaidh comhlacht poiblí mura gcomhlíonann sé ailt 25, 26, 27 agus 28 den Acht um Míchumas 2005.

Léigh Prótacal Gearán an Údaráis Náisiúnta Míchumais.

Is féidir iarrataí a dhéanamh le casadh an phoist nó le ríomhphost. Is iad seo na sonraí teagmhála:

An tOifigeach Rochtana, An tÚdarás Náisiúnta Míchumais, 25 Bóthar Chluaidh, Baile Átha Cliath 4, D04 E409.

Teil.: + 353 (0) 1 608 0400

Facs: + 353 (0) 1 660 9935

Ríomhphost: accessofficer@nda.ie

Oibríonn ÚNM seirbhís Leabharlainne taighde agus tagartha atá ar oscailt do dhaoine den phobal ach coinne a dhéanamh.

Cumhdaítear sa Phlean Straitéiseach uainn an dóigh a bhforbraíonn ÚNM tograí beartais.

Foilsítear Ráiteas Airgeadais ÚNM gach bliain mar chuid den Tuarascáil Bhliantúil uaidh.

Cuimsítear ansin faisnéis maidir le luach saothair na gcomhaltaí Boird.

Cistítear ÚNM trí vótaí ón státchiste a leithdháiltear faoi Vóta 40 – An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.

Ullmhaíonn ÚNM Cuntais Bhliantúla a n-iniúchann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste iad. Is féidir amharc orthu sin sa Tuarascáil Bhliantúil.

Baineann ÚNM úsáid as na creataí agus conarthaí lárnacha atá curtha i bhfeidhm ag an Oifig um Sholáthar Rialtais, nuair is féidir. I gcás seirbhísí nach gcumhdaítear leis na socruithe seo faoi láthair, comhlíonann ÚNM oibleagáidí soláthair náisiúnta agus oibleagáidí soláthair an Aontais Eorpaigh.

Tairiscintí

Tháirg ÚNM treoirlínte maidir le soláthar inrochtana. Tháirg sé Foireann Uirlisí um Sholáthar TF freisin.

Tá sé mar aidhm leis an Acht um Shaoráil Faisnéise rochtain a cheadú ar fhaisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí agus nach gcuirtear ar fáil mar chúrsa gnáthaimh (faoi réir díolúintí áirithe, nósanna imeachta áirithe agus teorainneacha ama áirithe). Tá an fhaisnéis seo a leanas faoi ghníomhaíochtaí agus feidhmeanna ÚNM ar fáil gan aon ghá a bheith ann leis an Acht um Shaoráil Faisnéise a úsáid.

Tá gach ceann de na foilseacháin sin ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Údaráis Náisiúnta Míchumais faoin rannán ‘Foilseacháin’ agus/nó ar shuíomh Gréasáin an Lárionaid Foirfeachta i nDearadh Uilíoch.

Amharc ar Loga Nochta ÚNM um Shaoráil Faisnéise.